Beartas Príobháideachais

CÚLRA:

Tuigimid in Aerfort Chiarraí gur rud tábhachtach duit é an príobháideachas agus gur mhaith leat a bheith sásta leis an tslí a n-úsaidtear na sonraí pearsanta fút. Tá meas againn ar phríobháideachas ár bpaisinéirí, ár gcustaiméirí, ár gcomhpháirtithe, ár bhfostaithe agus ar phríobháideachas daoine aonair, tá urraim againn don luach atá i gceist leis, agus ní dhéanfaimid sonraí pearsanta a bhailiú ná a úsáid ach amháin ar na bealaí de réir mar atá cur síos déanta orthu ag seo, agus ar bhealach atá comhsheasmhach lenár n-oibleagáidí agus leis na cearta atá agat faoin dlí. Ba mhaith linn a bheith lán cinnte de go mbaineann tú sásamh as na saoráidí agus na seirbhísí a chuirimid ar fáil agus go n-úsáidimid aon sonraí atá againn lena chinntiú go mbíonn an taithí is fearr a bheith agat san aerfort dá réir.

1. Eolas Fúinn

Is cuideachta chláraithe é Aerfort Chiarraí CPT atá cláraithe faoin uimhir chuideachta 26871
Seoladh cláraithe agus trádála: An Fearann Fuar, Cill Airne. Co. Chiarraí, Éire V93KHF7.
Uimhir CBL: IE 9i92655t
Oifigeach Cosanta Sonraí: An tUasal Basil Sheerin.
Seoladh ríomhphoist: privacy@kerryairport.ie
Uimhir theileafóin: ++ 353 66 9764644.

2. Cad a chlúdaítear leis an fhógra seo?

Leis an Eolas Príobháideachta seo, mínítear conas a úsáidimid do chuid sonraí pearsanta: conas a bhailítear é, conas a choinnítear é, agus conas a dhéantar é a phróiseáil. Mínítear ann chomh maith na cearta atá agat faoin dlí maidir le do shonraí pearsanta.

3. Cad is Sonraí Pearsanta ann?

Tá sonraí pearsanta sainmhínithe sa Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (Rialachán AE 2016/679) (an “RGCS”) agus san Acht um Chosaint Sonraí 2018 (“an Reachtaíocht maidir le Cosaint Sonraí” i dteannta a chéile) mar ‘aon fhaisnéis a bhaineann le duine in-sainaitheanta gur féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d’aitheantóir’.

Is éard is sonraí pearsanta, chun é a chur i bhfocail níos éasca, ná aon fhaisnéis fút a éascaíonn sé tú a bheith aitheanta. Clúdaíonn sonraí pearsanta faisnéis a bhfuil sé soiléir gur sonraí pearsanta atá i gceist, leithéidí d’ainm agus do shonraí teagmhála, ach chomh maith leis sin clúdaíonn sé faisnéis nach bhfuil chomh soiléir sin gur sonraí pearsanta atá i gceist, leithéidí uimhreacha aitheantais, sonraí leictreonacha maidir le suíomh, chomh maith le haitheantóirí ar líne eile.

Tá na sonraí pearsanta a úsáidimid leagtha amach i gCuid 5, thíos.

4. Cad Iad Na Cearta Atá Agam?

Tá na cearta seo a leanas agat faoin Reachtaíocht maidir le Cosaint Sonraí, agus déanaimid iarracht chun seasamh leo i gcónaí:

  1. An ceart chun a bheith curtha ar an eolas maidir leis an tslí ina ndéanaimid do chuid sonraí pearsanta a bhailiú agus a úsáid. Ba chóir go gclúdófaí leis an Fhógra Príobháideachais seo gach rud ar ba cheart duit a bheith feasach, ach is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn aon uair chun tuilleadh eolais a fháil nó chun aon cheisteanna atá agat a fhiosrú, ach na sonraí atá i gCuid 15 a úsáid chuige sin.
  2. An ceart rochtain a fháil ar na sonraí pearsanta fút atá á gcoimeád againn. Mínítear conas é seo a dhéanamh i gCuid 15.
  3. An ceart go gceartófaí do shonraí pearsanta más rud é go bhfuil aon chuid de do shonraí pearsanta atá ar coimeád againn míchruinn nó neamhiomlán. Déan teagmháil linn, mura miste, leis na sonraí atá ar fáil i gCuid 15 chun níos mó eolais a fháil amach faoi.
  4. An ceart go ndéanfaí ligean i ndearmad ort, i.e. an ceart chun iarraidh orainn aon chuid de na sonraí pearsanta fút atá á gcoimeád againn a scriosadh nó a dhiúscairt ar shlí eile. Déan teagmháil linn, mura miste, leis na sonraí atá ar fáil i gCuid 15 chun níos mó eolais a fháil amach faoi.
  5. An ceart chun úsáid do shonraí pearsanta a shrianadh (i.e. cosc a chur air).
  6. An ceart agóid a dhéanamh in aghaidh sinn do shonraí pearsanta a úsáid chun críche ar leith nó chun críocha ar leith.
  7. An ceart toiliú a tharraingt siar. Ciallaíonn sé seo go bhfuil cead agat an toiliú sin a tharraingt siar am ar bith más rud é go bhfuilimid ag brath ar do thoiliú mar bhunús dlí le do shonraí pearsanta a úsáid.
  8. An ceart chun an inaistritheacht sonraí. Is éard is brí leis sin ná gur féidir leat iarraidh orainn ar chóip de na sonraí pearsanta sin ionas gur féidir le seirbhís nó gnó eile é a athúsáid i go leor cásanna, más rud é gur thug tú na sonraí pearsanta chugainn tú féin díreach chugainn, go bhfuilimid á n-úsáid le do thoiliú nó chun conradh a chomhlíonadh, agus go bhfuiltear ag baint úsáide as modhanna uathoibrithe chun na sonraí i gceist a phróiseáil.
  9. Cearta a bhaineann leis an uath-chinnteoireacht agus leis an uath-phróifíliú. Tabhair do d’aire – ní úsáidimid do shonraí pearsanta ar an mbealach seo ach amháin maidir leis an úsáid fianán mar atá leagtha amach i gCuid 12 agus i gCuid 13

Chun tuilleadh eolais a fháil maidir leis an úsáid a bhainimid as do chuid sonraí pearsanta nó ar conas do chearta atá breactha amach ag seo thuas a fheidhmiú, téigh i dteagmháil linn le sonraí teagmhála sna bealaí atá sonraithe i gCuid 15.

Tá sé tábhachtach go gcoinnítear do chuid sonraí pearsanta cruinn agus cothrom le dáta. Más rud é go n-athraíonn aon cheann de na sonraí pearsanta a choinnímid fút, cuir ar an eolas muid, le do thoil, chomh fada is atá na sonraí sin againn.

Is féidir tuilleadh eolais faoi do chearta a fháil ó Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí.

Más rud é go bhfuil cúis ghearáin agat faoin tslí a n-úsáidimid do chuid sonraí pearsanta, tá sé de cheart agat gearán a dhéanamh le hOifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí. Bheimis thar a bheith sásta, mar sin féin, dá gcuirfí seans dúinn do ghearán a shásamh muid féin, agus iarraimid ort dul i dteagmháil linn ar den chéad dul síos, mura miste, dá bharr, agus na sonraí teagmhála atá le fáil i gCuid 15 a úsáid chuige sin.

Cad Iad Na Sonraí Pearsanta A Bhailíonn Sibh Agus Conas A Bhailíonn Sibh Iad?

Bailímid faisnéis inaitheanta phearsanta (PII) (ar a dtugtar sonraí pearsanta freisin) a chuireann tú ar fáil dúinn, is é sin a rá faisnéis lena gcuirtear in aithne cé tusa mar dhuine aonair. Ní dhéanaimid é seo ach amháin nuair atá an fhaisnéis sin curtha ar fáil agat dúinn agus nuair atá do thoiliú tugtha agat gur féidir linn í a úsáid ar mhaithe le do leas féin chun na críocha atá leagtha amach san Fhógra Príobháideachais seo. Is féidir gur ar an suíomh gréasáin seo, ar an nguthán, i ríomhphost, trí fhoirmeacha ar líne, trí tci (cctv) nó ar bhealach duine-le-duine a ndéanfaimis an fhaisnéis PII seo a bhailiú fút.

Táimid tiomanta gur fháilte den chéad scoth ab ea a gcuirfear roimh gach uile phaisinéir, custaiméir agus comhpháirtí dár gcuid, agus seirbhís iontach dóibh, leis. Déanaimid cur síos ar na críocha éagsúla lena ndéanaimid do shonraí pearsanta a bhailiú, agus na daoine a d’fhéadfadh idirtheagmháil a dhéanamh linn rangaithe mar seo a leanas:

  1. Daoine a úsáideann seirbhísí atá curtha ar fáil ag Aerfort Chiarraí
  2. Daoine a fhaigheann rochtain ar sheirbhísí atá curtha ar fáil ag Aerfort Chiarraí ar na láithreáin ghréasáin atá aige ná ar na meáin ar líne.
  3. Daoine a chláraíonn chun eolas a fháil ó Aerfort Chiarraí.
  4. Daoine a chuireann aiseolas ar fáil dúinn trínár láithreáin ghréasáin nó ár gcainéil sna meáin sóisialta
  5. Daoine a úsáideann ar ár láithreáin ghréasáin
  6. Daoine a théann go dtí ár n-áitreabh agus ár láithreán.

Féadfar dúinn an fhaisnéis inaitheanta phearsanta (PPI) seo a leanas a bhailiú uait agus tú ag plé le hAerfort Chiarraí – go háirithe sa chás go bhfuil tú ag cur eitiltí in áirithe le ceann dár n-aerlínte iompair:

  • D’ainm iomlán
  • Do sheoladh
  • Do sheoladh ríomhphoist
  • D’uimhir theagmhála
  • Do Náisúntacht
  • Uimhir do Phas
  • Do Dháta Breithe
  • Dátaí Taistil
  • Sonraí & Clár Uimhir d’Fheithicle
  • Sonraí Cárta Creidmheasa nó Cárta Dochair (sa chás go bhfuil tú ag déanamh áirithint linn nó ag baint tairbhe as ceann dár gcuid seirbhísí)
  • Iarrataí Speisialta i ndáil leis an gcúnamh Is chun sinn a chumasú chun d’iarraidh ar chúnamh mar dhuine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe aige agus chun d’fhiosrú a fhreagra ar bhealach éifeachtach a dhéanaimid an fhaisnéis seo a bhailiú. Ní dhéantar an fhaisnéis seo a phróiseáil ach amháin más rud é go bhfuil do thoiliú faighte chuige sin agus ní úsáidfimid an fhaisnéis seo chun aon chríocha eile seachas na críocha thuasluaite.

Tabhair do d’aire nach nglacaimid le haon mhargaíocht dhíreach taobh amuigh dár mBunachar Sonraí suibscríofa féin mar atá mionsonraithe ina dhiaidh seo sa bhFógra seo – i bPáirt 6 (i) (An Chumarsáid Margaíochta Dírí) agus ní dhéanaimid do shonraí pearsanta a nochtadh ná a roinnt le haon tríú páirtí. Ní chuirfear aon chomhfhreagras nó faisnéis chugat ach amháin más rud gur iarr tú ar bhealach díreach ar an ábhar sin a bheith curtha chugat i ráiteas nó i mbeart deimhin soiléir a n-iarrfar ar bhealach atá cothrom, dlíthiúil agus trédhearcach.

Cúiseanna leis go ndéanfaí do chuid sonraí a phróiseáil:

Tá urraim againn amach is amach do do cheart chun príobháideachta agus geallaimid nach ndéanfar sonraí a bhailiú fút ach amháin de réir mar is gá chun na seirbhísí a theastaíonn uait a chur ar fáil duit, nó le do chead agus le do thoiliú soiléir. Anuas air sin, ceanglaítear orainn rialacháin reachtúla a chur i bhfeidhm maidir leis an eitlíocht shibhialta mar chuid don ról atá againn mar oibreoir aerfoirt. I measc na gcúiseanna a d’fhéadfadh a bheith ann leis do shonraí a phróiseáil, féadfar go n-áireofaí na cúiseanna ag seo a leanas:

  1. Dea-eispéireas a chur ar fáil do na paisinéirí – is é an dualgas atá againn ná do thuras tríd an aerfort a eagrú ar bhealach go bhfuil sé chomh deas réidh agus chomh compordach agus is féidir. Mar gheall ar an tslí a bhfuil an t-aerthaisteal chomh hardrialaithe sin, ceanglaítear orainn sonraí a phróiseáil ar chúiseanna sábháilteachta agus slándála de réir mar atá sonraithe go mion thíos. Beidh na sonraí pearsanta seo curtha ar fáil don aerlíne roghnaithe agat sa chonradh iompair agus beidh comhaontú déanta ann go gceadófar dóibh an fhaisnéis chéanna a chur ar fáil dá láimhseálaithe (Aerfort Chiarraí, sa chás seo) a oiread is bhfuil gá leis chun an conradh leis an aerlíne a chomhlíonadh agus d’aistear a thabhairt chun críche dá bharr.
  2. Seirbhísí breise a chur ar fáil san aerfort – cuirimid seirbhísí breise ar fáil a d’fhéadfá a éileamh chun iad a úsáid chun do thuras a fheabhsú. Ar mhaithe leis na seirbhísí sin a chur ar fáil duit, féadfar go mbeidh orainn roinnt sonraí éagsúla a bhailiú. Mar shampla, d’fhéadfadh go n-éileodh na seirbhísí seo go ndéanfaimid íocaíochtaí a phróiseáil, agus go gcoinneofaí d’ainm agus do shonraí eile, amhail clárú gluaisteán agus seoladh ríomhphoist.
  3. Wi-Fi saor in aisce a sholáthar duit fad is atá tú ag baint úsáide as ár n-aerfort – faoi dhlí na hÉireann, tá sé de dhualgas ar gach ‘Soláthraí Seirbhíse Idirlín’ (nó ISP) taifid a choimeád ar rochtain ar an idirlíon ar feadh tréimhse 12 mhí. Ós rud é nach ndéanaimid d’ainm a bhailiú mar chuid den chlárúchán le haghaidh Wi-Fi, déanfaimid an seoladh IP a shanntar duit agus chomh maith le seoladh MAC an ghléis a d’úsáid tú chun rochtain a fháil ar an tseirbhís Wi-Fi a stóráil. Coinnímid na taifid seo de réir mar a éilítear leis an dlí.
  4. Leas na bpaisinéirí, na gcuairteoirí, na gconraitheoirí agus na foirne a chosaint in Aerfort Chiarraí – féadfar go mbeidh orainn sonraí pearsanta a thaifeadadh a bhaineann le haon duine a bhfuil baint acu le haon teagmhais nó timpistí a tharlaíonn san aerfort nó ina bhfoisceacht.
  5. Féadfar go ndéanfaimis anailís staitistiúil a dhéanamh ar na sreafaí paisinéirí agus custaiméirí freisin chun feabhas a chur ar ár gcuid seirbhísí agus chun feabhsuithe éagsúla a chur lenár n-áiseanna aerfoirt amach anseo – sa chás seo, déanfaimid do shonraí a bheith anaithnid sula ndéanfar aon anailís ar bith leis ionas nach féidir linn tú a aithint.
  6. An tSábháilteacht agus slándáil eitlíochta sibhialta a chinntiú – áirítear an taifeadadh TCI (CCTV) leis seo
  7. Sábháilteacht agus Slándáil ár bhfoirne, ár gcustaiméirí agus ár réadmhaoine – (TCI – [nó CCTV]). Tá sé de dhualgas ar Aerfort Chiarraí an t-aerfort, a fhoireann, a mhaoin agus a chuid úsáideoirí a choinneáil slán sábháilte. Le cuidiú linn chuige sin, cuirimid córais slándála CTI [CCTV] i bhfeidhm ar talamh agus san aer chomh maith agus déanann an fhoireann slándála aerfoirt na rialuithe slándála tábhachtacha seo a bhainistiú. Meastar gur sonraí pearsanta iad íomhánna TCI a ghabhtar díot agus déanfaimid an rochtain ar na híomhánna seo a chosaint go cúramach. Coinnímid na píosaí scannánaíochta CTI go léir ar feadh tréimhse 28 lá.
  1. Cén tslí a n-úsáidimid do chuid Sonraí Pearsanta?

Sa chur síos ag seo thíos, déanaimid cur síos ar: na cuspóirí chomh maith leis an bunús dlí lena ndéantar do shonraí pearsanta a bhailiú agus a phróiseáil, na catagóirí de shonraí pearsanta a phróiseálaimid chun na críocha sin, chomh maith leis na heintitis lena roinnimid do chuid sonraí pearsanta agus fad na tréimhse ama a choinnímid do shonraí pearsanta.

(i) An Chumarsáid Margaíochta Dírí:

Más mian linn eolas a bhailiú chun teagmháil a dhéanamh leat, m.sh. chun críocha na margaíochta, iarrfaimid ar do thoiliú leis roimh ré. Ní rachaimid i dteagmháil leat ach amháin ar bhonn ad hoc le sonraí faoi nuacht an aerfoirt, faoi chomórtais agus lascainí eisiacha agus faoi thairiscintí ar tháirgí agus seirbhísí ó Aerfort Chiarraí agus a chuid iompróirí aerlíne. Má thugann tú toiliú ar fáil, is féidir leat díliostáil a dhéanamh am ar bith chun an toiliú sin a tharraingt siar. Féach thíos chun teacht ar níos mó sonraí faoi chomh maith lenár ráiteas maidir le Ceadanna Margaíochta Dírí. Bainimid úsáid as Mail Chimp mar ardán uathoibrithe margaíochta. Is féidir leat teacht ar pholasaí príobháideachais Mail Chimp anseo:https://mailchimp.com/help/collect-consent-with-gdpr-forms/

(ii) Carr-chlóis:

An fhaisnéis a bhailímid fút

Féadfar dúinn an fhaisnéis phearsanta seo a leanas a bhailiú uait maidir leis an úsáid a bhaineann tú as Carrchlóis Aerfort Chiarraí

  • Dátaí Iontrála & Fágála
  • Sonraí & Clár Uimhir d’Fheithicle
  • Sonraí do Chárta Creidmheasa nó do Chárta Dochair (sa chás go bhfuil tú ag íoc as ár seirbhísí)
  • Píosaí scannánaíochta CTI duit féin agus de d’fheithicil a bheith ag gluaiseacht timpeall, lena n-áirítear an ghluaiseacht a tharlaíonn i bhfoisceacht na meaisíní íocaíochta.

An chuspóir lena mbailítear an fhaisnéis seo

Déanaimid an t-eolas seo fút a bhailiú ionas go gcuirfear ar ár gcumas an táirge / seirbhís ar iarraidh tú air a sholáthar. Is ar mhaithe le comhlíonadh an chonartha arna dhéanamh idir tú féin, mar an t-ábhar sonraí, agus Aerfort Chiarraí, mar an rialaitheoir sonraí, a dhéantar do chuid sonraí pearsanta a phróiseáil. Féadfar faisnéis a sholáthraíonn tú a úsáid chun anailís staitistiúil a dhéanamh maidir lenár dtáirgí / seirbhísí, anailís a dhéanamh ar threochtaí amach anseo freisin, agus chun próifílí custaiméirí a ghabháil chomh maith. Is ar mhaithe le leasanna dlisteanacha Aerfort Chiarraí a dhéantar an phróiseáil seo agus cuirtear ar ár gcumas dá bharr le deimhniú go leantar lenár gcuid táirgí de bheith luachmhar, agus ionas gur féidir linn leanúint ar aghaidh ag infheistiú sa bhonneagar chun freastal ar riachtanais ár chustaiméirí Aerfort Chiarraí amach anseo chomh maith.

Cé leis ar féidir go roinnfimis an fhaisnéis seo

Uaireanta, téimid i dteagmháil le tríú páirtithe chun cabhrú a fháil chun ár gcuid táirgí / seirbhísí a sholáthar. Féadfar do shonraí pearsanta a bheith roinnte ó am go chéile leis na heagraíochtaí seo a leanas chun muid a chumasú chun an táirge / seirbhís ar iarraidh tú a chur ar fáil duit. Ní dhéanfaidh Aerfort Chiarraí do chuid faisnéise a roinnt riamh leis na heagraíochtaí seo chun críocha margaíochta. I dtaca leis sin, is féidir linn do chuid sonraí a roinnt leis na cineálacha eagraíochtaí seo a leanas:

  1. Soláthraithe bogearraí
  2. Próiseálaithe íocaíochtaí.

Ní dhéanaimid inneall réamháirithinte charrchlóis a fheidhmiú. Tá soláthraí bogearraí speisialaithe (SKIDATA) atá lonnaithe sa Ríocht Aontaithe fostaithe againn chun an córas oibriúcháin carrchlóis atá againn a fhorbairt, a óstáil, agus a chothabháil. Bímid ag obair go dian chun a chinntiú go gcoinnítear do chuid sonraí pearsanta slán agus go bhfuil cosaintí curtha i bhfeidhm chun do shonraí pearsanta a fháil aon uair a ndéantar iad a aistriú lasmuigh den AE nó den LEE. Tá comhaontuithe conartha i bhfeidhm againn in Aerfort Chiarraí lenár soláthraí bogearraí chun a chinntiú go gcloítear le hardchaighdeán slándála nuair a bhíonn do shonraí pearsanta á bpróiseáil.

An Choinneáil – fad na tréimhse a gcoimeádamar an fhaisnéis seo

Nuair a chuireann tú faisnéis phearsanta ar fáil dúinn, déanaimid an fhaisnéis seo a choimeád chomh fada agus is gá. Déanfaimid na sonraí pearsanta sonracha seo a chuir tú ar fáil dúinn a choimeád ar feadh na tréimhsí ama mar atá sonraithe ag seo a leanas;

  1. Faisnéis faoi chártaí creidmheasa – ní dhéanaimid ag haisuisimhir d’uimhir do chárta chun críocha aitheantais agus chun críocha aitheantais amháin. Is éard is ‘haisuimhir’ ná léiriúchán slán de d’uimhir chárta ar féidir í a úsáid chun do chárta a aithint ach nach féidir é a úsáid chun uimhir do chárta a athchruthú. Coinnímid uimhir do chárta ar feadh tréimhse 30 lá.
  2. Ní choinnímid sonraí iomlána an chárta ach amháin más rud é go bhfuil toiliú tugtha agat chun é sin a dhéanamh.
  1. Coinnímid na píosaí scannánaíochta CTI go léir ar feadh tréimhse ocht lá is fiche (28 lá). Ina dhiaidh sin déanann an córas é féin a fhorscríobh go huathoibríoc. Coinnítear aon phíosaí scannánaíochta CTI a atá aitheanta le bheith ábhartha do theagmhas arna tuairisciú go foirmiúil chomh fada agus is gá nuair a éilíonn an t-aerfort ar thaifid chun críocha éilimh dlí ina choinne a chosaint nó faoi réir aon oibleagáidí reachtúla agus oibleagáidí dlíthiúla eile.
  1. Taifeadtaí Fuaime – ní dhéanaimid taifead ar chomhráite a tharlaíonn ag an mbacainn sa charrchlós.

An tslí a gcaithimid le faisnéis íogair

Ní bhailímid aon fhaisnéis íogair / aon chatagóirí speisialta de shonraí pearsanta a bhaineann leat agus ár gCarrchóis á bhfeidhmiú againn.

(iii). Láimhseáil Aerárthaí Príobháideacha/ Scairdeitleán Corparádach

(lena n-áirítear Faisnéis faoi na píolótaí agus na paisinéirí)

An fhaisnéis a bhailímid fút

D’fhéadfaimid faisnéis a bhailiú fút ar an suíomh gréasáin seo, ar an teileafón, i ríomhphoist, ar ghléis soghluaiste, ar fhoirmeacha, nó ar bhonn duine-le-duine. Féadfar dúinn an fhaisnéis phearsanta seo a leanas a bhailiú fút;

  • D’ainm iomlán
  • Do sheoladh
  • Do sheoladh ríomhphoist
  • D’uimhir theagmhála
  • D’uimhir phas
  • Do Náisúntacht
  • Do Dháta Breithe
  • Na Dátaí Teachta & Imeachta
  • Sonraí & Clár Uimhir d’Fheithicle
  • Sonraí Cárta Creidmheasa nó Cárta Dochair (sa chás go bhfuil tú ag déanamh áirithint linn nó ag baint tairbhe as ceann dár gcuid seirbhísí)
  • Píosaí scannánaíochta CTI de duit féin nó de d’fheithicil ag gluaiseacht timpeall, lena n-áirítear sa Limistéar Teachta, sa Limistéar Imeachta agus tolglanna na bpíolótaí.

An chuspóir lena mbailítear an fhaisnéis seo

Déanaimid an t-eolas seo fút a bhailiú ionas go gcuirfear ar ár gcumas an táirge / seirbhís ar iarraidh tú air a sholáthar. Is ar mhaithe le comhlíonadh an chonartha arna dhéanamh idir tú féin, mar an t-ábhar sonraí, agus Aerfort Chiarraí, mar an rialaitheoir sonraí, a dhéantar do chuid sonraí pearsanta a phróiseáil. Is ar mhaithe le leasanna dlisteanacha Aerfort Chiarraí a dhéantar an phróiseáil seo agus cuirtear ar ár gcumas dá bharr le deimhniú go leantar lenár gcuid táirgí de bheith luachmhar, agus ionas gur féidir linn leanúint ar aghaidh ag infheistiú sa bhonneagar chun freastal ar riachtanais ár chustaiméirí Aerfort Chiarraí amach anseo chomh maith

Cé leis ar féidir go roinnfimis an fhaisnéis seo

Uaireanta, téimid i dteagmháil le tríú páirtithe chun cabhrú a fháil chun ár gcuid táirgí / seirbhísí a sholáthar. Féadfar do shonraí pearsanta a bheith roinnte ó am go chéile leis na heagraíochtaí seo a leanas chun muid a chumasú chun an táirge / seirbhís ar iarraidh tú a chur ar fáil duit. Ní dhéanfaidh Aerfort Chiarraí do chuid faisnéise a roinnt riamh leis na heagraíochtaí seo chun críocha margaíochta. Tá roinnt gníomhaireachtaí ann freisin a bhfuil ceart dlíthiúil acu rochtain a fháil ar do shonraí ar mhaithe le cosaint a thabhairt don Stát agus do shaoránaigh an Stáit agus roinnfear gnéithe áirithe de do shonraí pearsanta leosan mar chuid dár n-oibleagáidí leis na gníomhaireachtaí sin. I dtaca leis sin, is féidir linn do chuid sonraí a roinnt leis na cineálacha eagraíochtaí seo a leanas:

  1. Soláthraithe bogearraí
  2. Soláthraithe iompair
  3. Próiseálaithe íocaíochtaí.
  4. Gníomhaireachtaí Rialtais lena n-áirítear
    • An Garda Síochána & na Seirbhísí Inimirce Náisiúnta
    • An Custam & na Coimisinéirí Ioncaim
    • An Roinn Talmhaíochta, Bia & Mara

An Choinneáil – fad na tréimhse a gcoimeádamar an fhaisnéis seo

Nuair a thugann tú faisnéis phearsanta dúinn, déanaimid í a scriosadh de réir an bheartais coinneála sonraí atá againn. Déanfaimid na sonraí pearsanta seo a chuir tú ar fáil dúinn a choimeád ar feadh na tréimhsí ama mar atá sonraithe ag seo a leanas;

  1. Faisnéis faoi chártaí creidmheasa – ní dhéanaimid ag haisuisimhir d’uimhir do chárta chun críocha aitheantais agus chun críocha aitheantais amháin. Is éard is ‘haisuimhir’ ná léiriúchán slán de d’uimhir chárta ar féidir í a úsáid chun do chárta a aithint ach nach féidir é a úsáid chun uimhir do chárta a athchruthú. Coinnímid uimhir do chárta ar feadh tréimhse 30 lá
  2. Ní choinnímid sonraí iomlána an chárta ach amháin más rud é go bhfuil toiliú tugtha agat chun é sin a dhéanamh.
  3. Coinnímid na píosaí scannánaíochta CTI go léir ar feadh tréimhse tríocha (30) lá. Ina dhiaidh sin déanann an córas é féin a fhorscríobh go huathoibríoc. Coinnítear aon phíosaí scannánaíochta CTI atá aitheanta le bheith ábhartha do theagmhas arna tuairisciú go foirmiúil chomh fada agus is gá nuair a éilíonn an t-aerfort ar thaifid chun críocha éilimh dlí ina choinne a chosaint nó tar éis comhairle oiriúnach a fháil amhlaidh a dhéanamh.
  4. Coinnítear Iarrataí láimhseála agus comhaid ghaolmhara leo ar feadh tréimhse 3 bliana.

An tslí a gcaithimid le faisnéis íogair

Ní bhailímid aon fhaisnéis íogair / aon chatagóirí speisialta de shonraí pearsanta a bhaineann leat agus Aerárthaigh Phríobháideacha agus Láimhseáil Scairdeitleán Corparáideach á bhfeidhmiú againn.

(iv). An Siopa Bronntanais in Aerfort Chiarraí

Féadfar dúinn an fhaisnéis phearsanta seo a leanas a bhailiú fút i dtaca le ceannacháin ar leith

  1. Ní bhailímid sonraí pearsanta i dtaca le ceannachán in-siopa (ní choinnímid sonraí íocaíochta inár siopaí). Mar sin féin, chun praghsanna saor ó dhleacht a chur ar fáil agus chun faisnéis staitistiúil inmheánach a bhailiú, bailímid sonraí faoi d’eitilt faoi mar atá siad sonraithe ar do phas bordála. Tá an fhaisnéis a bhailítear teoranta don ítim a ceannaíodh agus don fhaisnéis faoin eitilt ar nós na sonraí aerlíne agus an ceann scríbe.

An chuspóir lena mbailítear an fhaisnéis seo

  1. Déanaimid an fhaisnéis seo a bhailiú fút chun sinn a chur ar ár gcumas an t-idirbheart i ndáil leis an táirge a cheannaigh tú a thabhairt chun críche. Is ar mhaithe le comhlíonadh an chonartha arna dhéanamh idir tú féin, mar an t-ábhar sonraí, agus Aerfort Chiarraí, mar an rialaitheoir sonraí, a dhéantar do chuid sonraí pearsanta a phróiseáil i dtaca leis seo.
  1. Is féidir faisnéis faoi Phas Bordála a bhailiú ó na scipéid sna bialanna, sna siopaí agus sna tábhairní atá san Aerfort ar mhaithe le praghsanna saor ó dhleacht a tháirgeadh duit (más ann dóibh, agus nuair is infheidhme)
  2. Comórtais – is féidir linn faisnéis a bhailiú nuair a théann tú isteach i gcomórtais atá á reáchtáil againn sna siopaí seo againne, é sin nó trínár gcainéil sna meáin sóisialta. Déanaimid an fhaisnéis seo a phróiseáil chun buaiteoirí comórtas a roghnú agus chun aon duaiseanna atá le tabhairt dá bharr a sheachadadh, ar aon dul leis na téarmaí agus coinníollacha atá i bhfeidhm inár gcomórtais. Iarrfaimid ort do thoiliú a thabhairt chun an fhaisnéis seo a bhailiú sula ndéanfaimid amhlaidh.
  3. Ceannacháin foirne – más rud é gur duine de chuid fhoireann Aerfort Chiarraí thú, nó de chuid fhoireann cheann de na cleamhnaithe atá nasctha linn, is féidir linn faisnéis dála d’uimhir aitheantais Aerfoirt a bhailiú. Tá an fhaisnéis seo ag teastáil chun muid a chur ar ár gcumas an t-idirbheart i ndáil leis an táirge a cheannaigh tú a thabhairt chun críche. Déanaimid na sonraí seo a bhailiú mar chuid de na coinníollacha chun conradh díolacháin leat a chomhlíonadh mar dhuine atá incháilithe le tairiscint praghais lascainithe.
  4. Féadfar faisnéis a sholáthraíonn tú a úsáid chun anailís staitistiúil a dhéanamh maidir lenár dtáirgí / seirbhísí, anailís a dhéanamh ar threochtaí amach anseo freisin, agus chun próifílí custaiméirí a ghabháil chomh maith. Is ar mhaithe le leasanna dlisteanacha Aerfort Chiarraí a dhéantar an phróiseáil seo agus cuirtear ar ár gcumas dá bharr le deimhniú go leantar lenár gcuid táirgí de bheith luachmhar, agus ionas gur féidir linn leanúint ar aghaidh ag infheistiú sa bhonneagar chun freastal ar riachtanais ár chustaiméirí Aerfort Chiarraí amach anseo chomh maith. Ní bhíonn aon athrú ar do chearta mar ábhar sonraí mar gheall air sin. Féach ar do chearta maidir le do chuid faisnéise chun níos mó a fháil amach faoi.

Cé leis ar féidir go roinnfimis an fhaisnéis seo

Uaireanta, téimid i dteagmháil le tríú páirtithe chun cabhrú a fháil chun ár gcuid táirgí / seirbhísí a sholáthar. Féadfar do do shonraí pearsanta a bheith roinnte leis na heagraíochtaí seo a leanas ionas go mbeimid in ann an táirge / an tseirbhís ar iarraidh tú a chur ar fáil duit.

D’fhéadfaimis do chuid sonraí a roinnt leis na cineálacha éagsúla d’eagraíochtaí ag seo a leanas:

  1. Soláthraithe bogearraí
  2. Soláthraithe bogearraí
  3. Próiseálaithe íocaíochtaí.
  1. Conas a gheobhaidh tú mo Thoiliú?

Sa chás go dteastaíonn do thoiliú uait chun do chuid sonraí pearsanta a úsáid, is féidir leat toiliú a thabhairt:

  • Ag an am a ndéanaimid do chuid faisnéise a bhailiú de réir na dtreoracha mar atá sonraithe; nó
  • Ach é sin a chur in iúl dúinn agus na sonraí teagmhála atá leagtha amach sa pholasaí seo a úsáid chuige sin.

Is féidir leat an tslí gur féidir linn teagmháil a dhéanamh leat a roghnú ag an am a chuireann tú an fhaisnéis pearsanta ar fáil dúinn agus, chomh maith leis sin, beidh tú in ann é sin a athrú ach teagmháil a dhéanamh linn. Is féidir leat do thoiliú a tharraingt siar tráth ar bith. Ní tharlóidh aon dochar duit mar gheall ort do thoiliú a bheith tarraingthe siar agat. Más rud é go dtarraingíonn tú siar do thoiliú, sa chás sin ní bheidh an phróiseáil a bhí déanta againn suas go dtí gur ndearna tú é a tharraingt siar neamhdhleathach

8. Cén Fhad A gCoimeádfaidh Sibh Mo Chuid Sonraí Pearsanta?

Ní ndéanfaimid do chuid sonraí pearsanta a choimeád ar feadh tréimhse ama níos faide ná mar is gá i ndáil leis an gcúis / na cúiseanna ar bailíodh é den chéad uair, agus de réir mar a leagadh amach roimhe seo i ndáil leis na cineálacha éagsúla de sheirbhísí a chuirimid ar fáil. Déanaimid athbhreithniú ar na sonraí uair sa bhliain lena chinntiú go bhfuil sé fós ábhartha agus riachtanach araon.

9. Conas A Dhéanfaidh Sibh Mo Chuid Sonraí Pearsanta A Stóráil Nó A Aistriú, Agus Cén Áit A nDéantar É Sin?

Ní dhéanfaimid do chuid sonraí pearsanta a stóráil nó a aistriú aon áit ach amháin in Éirinn. Fágann sé sin go mbeidh siad cosanta go huile is go hiomlán faoin Reachtaíocht um Chosaint Sonraí.

10. An Roinneann Sibh Mo Chuid Sonraí Pearsanta?

Féadfar go mbeidh orainn do chuid sonraí a roinnt le comhpháirtithe chomh maith, leis an aerlíne ábhartha, mar shampla, nó leis an láimhseálaí talún atá acu, chun cabhrú leat do cheann scríbe a bhaint amach. Sa chás go gcuirimid na sonraí sin ar fáil don tríú páirtí chun seirbhís a chur ar fáil duit, clúdaítear an phróiseáil sin leis an bhFógra Príobháideachais seo. Sa chás go dtugann tú do chuid sonraí díreach chuig thríú páirtí, ní bhíonn aon bhaint againn leis an idirbheart sin, ná leis an rochtain ar na sonraí sin, agus de mhalairt air sin, is é an tríú páirtí atá freagrach as an bpróiseáil. Sampla amháin den chineál cás ina dtarlódh a leithéid ná nuair a théitear ar líne chun carr a fháil ar cíos le fáil ag an aerfort.

Féadfar dúinn do chuid faisnéise a nochtadh do chuideachtaí ar conradh a fheidhmíonn mar “phróiseálaithe sonraí” thar ceann sinne freisin. I measc na próiseálaithe sonraí atá againn, tá sainchomhairleoirí seachtracha, comhairleoirí gairmiúla dála dlíodóirí, soláthraithe bogearraí agus foirne tacaíochta teicniúla, sainchomhairleoirí TF, próiseálaithe cártaí creidmheasa chomh maith le hardáin agus soláthraithe teicneolaíochta margaíochta, rialaitheoirí creidmheasa agus cuideachtaí um an gcosc calaoise agus ar ndóigh, de réir mar a éilítear leis an dlí.

Ní dhéanaimid aon fhaisnéis a roinnt ach amháin le tríú páirtithe a chabhraíonn linn chun ár seirbhísí a chur ar fáil duit. Ní bheidh sé ceadmhach do na tríú páirtithe sin an fhaisnéis sin a úsáid chun aon chríche eile seachas chun cabhrú linn na seirbhísí sin a chur ar fáil. Ní dhéanfar aon eolas teagmhála a chuireann tú ar fáil trínár gcóras a dhíol / a ligean ar cíos / ar léas le haon tríú páirtí chun é a dhíol nó a mhargú duit. Ní chuirfimid aon fhaisnéis phearsanta ar fáil ach amháin an fhaisnéis phearsanta sin a theastaíonn ó na cuideachtaí tríú páirtí chun an tseirbhís chuí a sholáthar.

Éilímid ar gach uile chuideachta a sholáthraíonn seirbhísí tacaíochta dá leithéid sin na caighdeáin chosanta sonraí céanna a chomhlíonadh is atá againn féin. Tá cosc curtha orthu gan an fhaisnéis a úsáid chun críocha eile dá gcuid féin. Ní dhéanaimid riamh cead a thabhairt do sholáthraithe seirbhíse do shonraí pearsanta a úsáid le haghaidh a gcuid gníomhaíochtaí féin.

11. Roinnt Sonraí le Gníomhaireachtaí um Fheidhmiú an Dlí:

Sa chás go gcuirimid sonraí ar fáil do chomhlacht rialála nó do ghníomhaireacht forfheidhmithe dlí chun oibleagáidí reachtúla nó rialála a chomhlíonadh, tá na gníomhaíochtaí a dhéanann na páirtithe sin lasmuigh den fheidhm rialaithe atá againn agus dá bhrí sin ní thagann siad faoi raon feidhme an Fhógra Príobháideachais seo. I measc na ngníomhaireachtaí ar féidir linn faisnéis a roinnt leo, tá:

  1. An Garda Síochána (An tSeirbhís Póilíneachta Náisiúnta)
  2. Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Inimirce (an GNIB)
  3. Seirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann (INIS)
  4. Na Coimisinéirí Ioncaim – An tSeirbhís Cánach agus Custaim in Éirinn.
  5. Údarás Eitlíochta na hÉireann, lena n-áirítear an tAonad um Imscrúdú Aerthionóiscí (AAIU) atá ann
  6. RTBM – An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara (atá ábhartha i dtaca leis an iompar bia. Peataí agus Ainmhithe).

12. Cad mar gheall ar Fhianáin agus Láithreáin Ghréasáin Eile?

Baineann na láithreáin ghréasáin atá againn úsáid as fianáin. Is éard is fianáin ná comhaid téacs bheaga a chruthaítear ar do ríomhaire nó ar do ghléas soghluaiste nuair a thugann tú cuairt ar láithreán gréasáin. Cuireann siad ar chumas do bhrabhsálaí gréasáin (mar shampla Internet Explorer, Google Chrome nó Mozilla Firefox) cuimhneamh a dhéanamh ar na leathanaigh ar láithreáin gréasáin a bhfuil cuairt tugtha agat orthu, agus is féidir tú a chur ar do chumas sainroghanna a shocrú ar roinnt láithreán leo, freisin. Ansin, cuireann do bhrabhsálaí gréasáin na fianáin seo ar ais leis an láithreán gréasáin gach uair ina dhiaidh sin a fhéachann tú air ionas gur féidir leo tú a aithint agus cuimhneamh ar rudaí éagsúla amhail roghanna úsáideora. Is féidir leat ár láithreáin ghréasáin a úsáid gan aon fheidhmiúlacht a chailliúint má tá fianáin díchumasaithe ar an mbrabhsálaí gréasáin atá agat. Trí úsáid a bhaint as an láithreán gréasáin againn, tá toiliú tugtha agat glacadh leis an tslí a n-úsáidimid fianáin. Is féidir leat roghnú gan úsáid a bhaint as fianáin ach na treoracha atá le fáil thíos a leanúint.

13. Láithreáin a Bhrabhsáil

Ní dhéantar sonraí teicniúla faoi chuairteanna a thugtar ar ár láithreáin ghréasáin a logáil ach amháin chun críocha staitistiúla. Ní dhéantar aon eolas a bhailiú a d’fhéadfadh Aerfort Chiarraí a úsáid chun cuairteoirí ar an láithreán gréasáin a aithint. Tá na sonraí teicniúla a logáiltear teoranta don mhéid seo a leanas:

  1. Ainm an fhearainn bharrleibhéil arna úsáid (m.sh. .ie, .com, .org, .co.uk, .net)
  2. Sonraí a thaispeánann trácht na gcuairteoirí timpeall an láithreáin ghréasáin seo (mar shampla na leathanaigh a bhfuil rochtain faighte orthu agus na cáipéisí a íoslódáladh)
  3. An cineál brabhsálaí gréasáin a úsáideann an cuairteoir ar an láithreán gréasáin.
  4. Baintear úsáid as cuid den fhaisnéis thuas chun staitisticí achoimre a chruthú, lena gcuirtear ar ár gcumas muid líon na gcuairteoirí ar ár láithreáin a thomhas, cad iad na leathanaigh is minice a lorgaítear iad agus ar bhealach ginearálta tá an fhaisnéis sin de chuidiú dúinn chun úsáideacht ár suíomh a fheabhsú. Ní dhéanaimid aon fhaisnéis ná staitisticí a scaoileadh do thríú páirtithe. Trí úsáid a bhaint as ár láithreáin ghréasáin, glacann tú leis na cleachtais a bhfuil cur síos déanta orthu san Fhógra Príobháideachais seo.

An bealach a n-úsáidimid fianáin

Is comhaid téacs bheaga iad fianáin a chuireann láithreán gréasáin ar do thiomántán crua chun do chuid sainroghanna a thaifeadadh ar láithreán nó chun treochtaí a shainaithint chun críocha staitistiúla.

Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nach dtugtar rochtain dúinn leis na fianáin a úsáidtear ar ár láithreáin ar aon fhaisnéis phearsanta ar bith. Sa chuid is mó de na brabhsálaithe atá ann, glactar le fianáin go huathoibríoch, de réir na gnáthréamhshocraithe, ach is iondúil gur féidir leat fianáin a dhiúltú nó glacadh le fianáin áirithe ar bhonn roghnach ach na sainroghanna sa bhrabhsálaí a choigeartú. Is féidir leat eolas a fháil faoi conas do chuid sainroghanna maidir le fianán a choigeartú ar na brabhsálaithe is mó úsáid ag seo thíos.

Naisc le Tríú Páirtithe ar ár Láithreán

Ó am go céile, féadfar naisc a bheith curtha ar ár láithreán gréasáin le láithreáin ghréasáin tríú páirtí, nó na láithreáin sin a leabú ar ár láithreán é féin. Níl feidhm ag an Fhógra Príobháideachais seo ar na láithreáin ghréasáin sin. Má roghnaíonn tú cuairt a thabhairt ar láithreán dá leithéid atá nasctha leis, aontaíonn tú nach bhfuilimid freagrach as láithreáin ghréasáin dá leithéid a bheith curtha ar fáil agus nach ndéanaimid athbhreithniú ná formhuiniú orthu, agus nach mbeidh orainn na nithe seo a leanas a dhéanamh, go díreach nó go hindíreach:

  1. An tslí a gcaitheann na láithreáin ghréasáin seo le do chuid sonraí pearsanta
  2. An t-ábhar ar na láithreán gréasáin sin
  3. An úsáid a bhaineann daoine eile as na láithreáin ghréasáin sin.

Ná dearmad na ráitis dhlíthiúla agus príobháideachais a chuirtear ar gach uile láithreán gréasáin nó feidhmchlár soghluaiste a dtabharfaidh tú rochtain air a sheiceáil sula gcuireann tú isteach aon sonraí pearsanta

Feidhmiúil

Córas Bainistíochta Inneachair – baintear úsáid as fianáin mar chuid de na bogearraí a úsáidtear chun an t-ábhar atá ar ár láithreán gréasáin a bhainistiú agus a nuashonrú. Ní choinnítear an fhaisnéis arna bailiú agus scriostar an fianán nuair a dhúntar an brabhsálaí.

Feidhmiú

Fianáin Anailísíochta – baintear úsáid as fianáin chun faisnéis gan ainm a bhailiú chun Aerfort Chiarraí a chumasú chun tuiscint níos fearr a fháil agus ar an úsáid a bhaineann daoine as ár láithreán – ní dhéanann siad thaifead d’fhaisnéis phearsanta. Bailíonn na fianáin faisnéis lena n-áirítear líon na gcuairteoirí ar an láithreán, an leathanach ónar tháinig an cuairteoir go dtí an láithreáin chomh maith le láithreáin eile ar thug siad cuairt orthu.

Fianáin Fógraíochta

Úsáideann Aerfort Chiarraí fianáin fógraíochta chun tomhas a dhéanamh ar éifeachtúlacht ár bhfeachtas fógraíochta chomh maith leis an tslí gur féidir linn iad a fheabhsú duitse. Fianáin fógraíochta gan ainm is iad na cinn a úsáideann Aerfort Chiarraí agus ní úsáidtear iad chun faisnéis a bhailiú lenar féidir an t-úsáideoir a aithint.

Conas sainroghanna fianán a scriosadh nó a shocrú i do bhrabhsálaí

Sa chás gur mian leat fianáin a scriosadh nó a chosc sna socruithe ar do bhrabhsálaí. Mar sin féin, nuair a dhéanann tú é sin, féadfar nach n-oibreoidh roinnt gnéithe dár láithreáin ghréasáin mar a bhí beartaithe.

Is féidir leat na fianáin atá stóráilte ar do ghléas a scriosadh nó de rogha air sin is féidir leat do shocruithe príobháideachais a athrú ar do bhrabhsálaí trí na naisc seo a leanas:

Microsoft Internet Explorer

  1. Oscail an roghchlár ‘Tools’
  2. Roghnaigh ‘Internet Options’
  3. Oscail an táb Security’
  4. Roghnaigh an crios ‘Internet’
  5. Aimsigh an leibhéal slándála ‘High’ le haghaidh an chreasa seo
  6. Cliceáil ar ‘OK’

Google Chrome

  1. Oscail an deilbhín ‘Menu’ ar an mbarr uirlisí
  2. Roghnaigh ‘Settings’
  3. Oscail ‘Advanced Settings’
  4. Téigh go dtí an rannóg ‘Privacy’ agus cliceáil ar ‘Content Settings’
  5. Sa rannóg ‘Cookies’, is féidir a shainroghnú conas a úsáidtear fianáin agus tú ag brabhsáil le Google Chrome.

Mozilla Firefox

  1. Oscail an roghchlár ‘Edit’
  2. Roghnaigh ‘Preferences’
  3. Oscail ‘Privacy & Security’
  4. Roghanaigh ‘Cookies’.
  1. An tSlándáil agus an Rúndacht

Glacfar leis na caighdeáin slándála agus rúndachta is airde agus sin ag déileáil le haon fhaisnéis phearsanta a chuireann tú ar fáil d’Aerfort Chiarraí agus déileálfar léi ar aon dul leis na dlíthe maidir le Cosaint Sonraí agus an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí. Is rud an-tábhachtach dúinn é slándáil do shonraí pearsanta. Glacaimid gach beart réasúnach teicniúil agus eagraíochtúil chun cosaint a dhéanamh i gcoinne cailliúint, mí-úsáid, rochtain neamhúdaraithe, nochtadh nó athrú neamhúdaraithe do chuid sonraí pearsanta. I measc na mbearta seo, áirítear:

  1. Cuirimid leibhéil éagsúla rialaithe rochtana i bhfeidhm chun rochtain ar do chuid faisnéise pearsanta a shrianadh do na fostaithe agus do na conraitheoirí sin de chuid Aerfort Chiarraí a dteastaíonn leibhéal áirithe rochtana uathu mar chuid dá ról.
  2. Bímid ag obair le díoltóirí speisialaithe a bhfuil an-chuid taithí acu chun ár gcuid ardán a fhorbairt agus a chothabháil
  3. Déanaimid athbhreithniú agus iniúchadh rialta ar ár mbeartais slándála agus cosanta sonraí chun a bheith cinnte de go gcloítear le hardleibhéal slándála oibriúcháin.

15. Cad iad na Cearta atá agam faoin bhFógra Príobháideachais Sonraí?

Tá na cearta seo a leanas agat maidir leis an bhfaisnéis phearsanta atá á gcoimeád againn fút:

  • An ceart chun rochtana atá agat

Ní ghá ach iarraidh orainn faoi agus is féidir linn deimhniú faoina bhfuilimid ag próiseáil do chuid faisnéise pearsanta agus, má tá, is féidir linn cóip den fhaisnéis phearsanta sin a chur ar fáil duit.

  • An ceart atá agat go ndéanfaí ceartúcháin

Má tá an fhaisnéis phearsanta fút atá á coimeád againn míchruinn nó neamhiomlán, tá an ceart agat go ndéanfaí í a cheartú.

  • An ceart atá agat go ndéanfaí léirscriosadh

Is féidir leat a iarraidh orainn do chuid faisnéise pearsanta a léirscriosadh nó a bhaint sa chás nach bhfuil aon chúis mhaith againn leanúint ar aghaidh dá próiseáil, go tharraingíonn tú siar an toiliú atá tugtha agat, nó go bhfuil do chuid sonraí pearsanta á coimeád againn go neamhdhleathach, nó sa chás gur cheart dúinn do chuid sonraí pearsanta a léirscriosadh chun cloí leis an dlí AE is infheidhme. Sa chás go bhfuil roinnt de do chuid sonraí pearsanta roinnte againn le haon chomhlacht eile, faoi mar atá tagairt déanta dóibh thuas faoin gceannteideal ‘Cé leis ar féidir go roinnfimis an fhaisnéis seo’, déanfaimid an comhlacht sin a chur ar an eolas faoin léirscriosadh nuair is féidir.

  • An ceart atá agat chun an phróiseáil a shrianadh

Is féidir leat iarraidh orainn ‘bac’ nó cosc a chur ar phróiseáil do chuid faisnéise pearsanta, mar shampla, sa chás go ndéanann tú agóid i gcoinne chruinneas na faisnéise pearsanta sin, nó go n-aighníonn tú nach bhfuil tú sásta í a bheith próiseáilte. Sa chás go bhfuil roinnt de do chuid sonraí pearsanta roinnte againn le haon chomhlacht eile, déanfaimid an comhlacht sin a chur ar an eolas faoin srianadh, nuair is féidir.

  • An ceart atá agat chun an iniomparthacht sonraí

Tá ceart agat rochtain a fháil ar fhaisnéis phearsanta a chuir tú ar fáil dúinn (i bhformáid struchtúrtha, atá inléite do mheaisín agus a úsáidtear go coitianta í) agus í a athúsáid áit eile nó chun acainní a dhéanamh linn í a aistriú le tríú páirtí de do rogha féin.

  • An ceart atá agat chun agóid a dhéanamh

Tá sé de cheart agat iarraidh orainn chun éirí as do chuid sonraí pearsanta a phróiseáil, agus déanfaimid amhlaidh sa chás go bhfuilimid:

  • ag brath ar ár leasanna dlisteanacha féin nó leasanna duine eile chun do chuid faisnéise pearsanta a phróiseáil ach amháin más féidir linn forais dhlíthiúla láidre a léiriú chun an phróiseáil sin a chosaint;
  • ag próiseáil do chuid faisnéise pearsanta chun críocha na margaíochta dírí; nó
  • ag próiseáil do chuid sonraí pearsanta chun críocha taighde ach amháin sa chás go bhfuil sé riachtanach chun feidhmiú tasc a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail.
  • Na cearta atá agat maidir leis an gcinnteoireacht agus an próifíliú uathoibrithe

Tarlaíonn an chinnteoireacht uathoibrithe nuair a úsáideann cuideachta bogearraí chun cinntí a dhéanamh bunaithe ar fhaisnéis atá cláraithe sna bogearraí sin. I gcás na cinnteoireachta uathoibrithe, is iondúil nach mbíonn aon bhaint ag duine ar bith leis an bpróiseas cinnteoireachta.

16. An Próifíliú

Tarlaíonn an próifíliú nuair a úsáidtear algartaim agus bogearraí chun anailís a dhéanamh ar shaintréithe pearsanta chun treochtaí iompair nó treochtaí maidir le roghanna a aithint.

Tá sé de cheart agat gan a bheith faoi réir cinnidh nuair atá sé bunaithe ar phróiseáil uathoibríoch, an próifíliú san áireamh, agus go bhfuil tionchar dlíthiúil aige nó go dtéann sé i bhfeidhm ort i slí shuntasach eaile ach amháin más rud é go bhfuil a leithéid de phróifíliú riachtanach chun conradh a dhéanamh, nó a chomhlíonadh, idir tú féin agus muidne. Tabhair do d’aire – ní úsáidimid do shonraí pearsanta ar an mbealach seo ach amháin maidir leis an úsáid fianán mar atá leagtha amach i gCuid 12 agus i gCuid 13

17. An ceart atá agat chun gearán a thaisceadh le húdarás maoirseachta

Má tá imní ort faoi ghné ar bith dár gcuid cleachtais phríobháideachais, an tslí ina mbímid ag déileáil le do chuid sonraí pearsanta san áireamh, is féidir leat é a thuairisciú don Choimisinéir Cosanta Sonraí. Is féidir leat teacht ar shonraí faoi conas é sin a dhéanamh ar an láithreán gréasáin anseo:

https://www.dataprotection.ie/docs/Making-a-Complaint-to-the-Data-Protection-Commissioner/r/18.htm

An Coimisinéir Cosanta Sonraí

Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí
Teach na Canála,
Bóthar an Stáisiúin,
Cúil an tSúdaire,
Co. Laois.
Éire.
R32 AP23,

Fón: +353 (0761) 104 800
Íosghlao: 1890 25 22 31
Facs: +353 57 868 4757
Ríomhphost: info@dataprotection.ie

18. Conas Is Féidir Liom Rochtain A Fháil Ar Mo Shonraí Pearsanta?

Más mian leat a fháil amach cad iad na sonraí pearsanta atá againn fút, is féidir leat sonraí a iarraidh orainn maidir leis na sonraí pearsanta sin, agus cuirfear cóip díobh ar fáil duit (más rud é go bhfuil aon sonraí pearsanta dá leithéid ann). “Iarratas Duine Ar A Shonraí” a thugtar air seo.

Ba cheart gur i scríbhinn a dhéanfar gach uile iarratas duine ar a shonraí, agus go gcuirfear ar aghaidh chuig an ríomhsheoladh nó chuig an seoladh de réir mar atá sonraithe i gCuid 15. Ionas go mbeidh sé seo chomh héasca duit a dhéanamh agus is féidir, tá Foirm Iarratais Duine Ar A Shonraí curtha ar fáil duit. Níl sé riachtanach an fhoirm seo a úsáid, ach is é sin an tslí is éasca chun muid a chur ar an eolas faoi gach uile a rud a theastaíonn uainn a bheith feasach faoi, chomh tapa agus is féidir.

De ghnáth, ní ghearrtar aon táille as iarratas duine ar a shonraí. Más rud é go bhfuil an t-iarratas a dhéanann tú ‘go follasach gan bhunús nó iomarcach’ (má dhéanann tú an iomarca iarratas, mar shampla) is féidir táille a ghearradh chun ár gcostais riaracháin chun freagairt a chur chugat a chlúdach.

Cuirfimid freagairt ar an iarratas duine ar a shonraí a dhéanann tú laistigh de 30 lá oibre tar éis dúinn é a fháil. Bíonn sé d’aidhm againn freagairt iomlán críochnúil a chur ar fáil duit, go hiondúil, agus cóip de do chuid sonraí pearsanta clúdaithe leis sin, laistigh den tréimhse ama sin. Mar sin féin, i roinnt cásanna, go háirithe más rud é go bhfuil an t-iarratas a rinne tú casta go leor, féadfar go mbeidh níos mó ama ag teastáil, suas le trí mhí ar a mhéid, ón dáta a bhfaighimid d’iarratas. Coimeádfar ar an eolas thú maidir leis an dul chun cinn atá déanta againn.

19. Conas Teagmháil A Dhéanamh Leat?

Chun teagmháil a dhéanamh linn i dtaca le haon rud a bhaineann le do shonraí pearsanta agus leis an gcosaint sonraí, ar conas iarratas duine ar a shonraí a dhéanamh san áireamh, bain úsáid as an bhfoirm iarratais um rochtain sonraí atá ceangailte agus cuir ar aghaidh í chuig:

Seoladh ríomhphoist: privacy@kerryairport.ie
Uimhir theileafóin: ++ 353 66 97 64644.
Seoladh Poist: An Fearann Fuar, Cill Airne. Co. Chiarraí KV93KHF7.

20. Leasuithe a chuirtear leis an Fhógra Príobháideachais seo

Féadfar dúinn an Fógra Príobháideachais seo a leasú ó am go céile. D’fhéadfadh sé seo a bheith riachtanach, sa chás go n-athraíonn an dlí, mar shampla, nó más rud é go n-athraímid ár ngnó ar bhealach a théann i bhfeidhm ar an gcosaint ar shonraí pearsanta.

Cuirfear gach uile leasú ar fáil ar ár láithreán gréasáin. Rinneadh an Fógra Príobháideachais a nuashonrú an uair dheireanach ar an 15 Eanáir 2019.

Gearáin

Sa chás gur mian leat gearán a dhéanamh faoin tslí a bhfuil do chuid sonraí pearsanta á bpróiseáil againn nó faoin tslí ar láimhseáladh do ghearán, tá sé de cheart agat gearán a dhéanamh díreach leis an údarás maoirseachta:
An Coimisinéir Cosanta Sonraí: Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí. Teach na Canála, Bóthar an Stáisiúin, Cúil an tSúdaire, Co. Laois. Éire. R32 AP23,
Fón: +353 (0761) 104 800
Íosghlao: 1890 25 22 31
Facs: +353 57 868 4757
Ríomhphost:info@dataprotection.ie