An Cúnamh Speisialta

Tá Aerfort Chiarraí tiomanta dó go gcuirfear na saoráidí reatha atá ann faoi láthair ar fáil ar bhealach ina mbeidh sé éasca chun freastal ar riachtanais gach aon phaisinéara a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe nó a bhfuil cúnamh de dhíth orthu.

Táimid tiomanta dó gach rud a dhéanamh ionas go mbeidh do thuras chomh taitneamhach agus is féidir leis a bheith.

Cúnamh do dhaoine a bhfuil a Soghluaisteacht Laghdaithe nó do dhaoine a bhfuil Cúnamh Speisialta de dhíth orthu

Féadfar méideanna éagsúla den chúnamh a bheith ag teastáil ó dhaoine atá faoi mhíchumas nó ó dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghduithe agus iad ag dul tríd an aerfort.

Cuirfear an cúnamh oiriúnach ar fáil do phaisinéirí a bheidh ag imeacht de réir mar a éilítear mar gheall ar a riachtanais, lena n-áirítear:

  • Cúnamh chun taisteal óna gCarr, nó ó Thacsaí nó Bus, go dtí an críochfort
  • Cúnamh agus iad i mbun an tseiceáil-isteach a dhéanamh
  • Cúnamh agus iad ag dul tríd an tseiceáil slándála agus ar aghaidh go dtí na hallaí imeachta
  • Agus iad ag dul ar bord an eitleáin

Cuirfear cúnamh ar fáil do na Paisinéirí a bheidh ag teacht isteach a bheidh oiriúnach dá riachtanais siúd, lena n-áirítear:

  • Ag tuirlingt ón aerárthach
  • Ag dul ar aghaidh ón aerárthach i dtreo an halla teachta, agus na gnásanna imeachta inimirce déanta
  • Ag bailiú do chuid bagáiste
  • Ag bogadh ar aghaidh ón halla teachta go dtí an áit choinne ainmnithe, is é sin a rá an Deasc Eolais
  • Cúnamh chun dul go dtí do charr, nó go dtí tacsaí nó bus

Tá oiliúint ag ár bhfoireann ar conas aire a thabhairt do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe agus tabharfaidh siad cibé an cineál de chúnamh atá de dhíth chun a chinntiú go mbeidh turas taitneamhach agat agus tú ag dul tríd an aerfort.

Fógra do d'Aerlíne

D’fhonn an tseirbhís is éifeachtaí a chur ar fáil do na paisinéirí sin a dteastaíonn na seirbhísí sin uathu, ba cheart do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe teagmháil a dhéanamh leis an aerlíne lena mbeidh siad ag taisteal, lena ngníomhaire taistil nó lena dtionscnóir turas agus iad a chur ar an eolas faoi shonraí na riachtanas cúnaimh atá acu 48 uair an chloig, ar a laghad, roimh am imeachta na heitilte.

Is féidir le paisinéirí dul i dteagmháil le hionad áirithinte na haerlíne, ach glaoch a chur ar na huimhreacha ag seo a leanas:
Aer Lingus Réigiúnach+353 1890 800 600
Ryanair +353 1520 444 004

Paisinéirí atá ag imeacht

Daoine a bhfuil cúnamh de dhíth orthu sa charr chlós

Ba chóir do dhaoine a dteastaíonn cúnamh uathu chun dul óna charr go dtí an críochfort tiomáint suas díreach go dtí an bealach isteach go dtí an Carrchlós Gearrthéarmach agus an Cnaipe Cúnaimh ar an meaisín ticéad ag an mbealach isteach a bhrú. Déanfaidh duine dár bhfoireann Seirbhísí Custaiméirí an glao a fhreagairt agus ba cheart duit a mhíniú dó cad é an cineál cúnaimh atá uait. Brúigh an cnaipe chun an ticéad a fháil agus ardófar an bhacainn nuair a bheireann tú air. Cas ar chlé láithreach agus lean ar aghaidh timpeall ar 40 méadar i dtreo an chríochfoirt agus páirceáil sa limistéar sainithe Páirceála do Dhaoine faoi Mhíchumas ar dheis, agus tabharfaidh duine dár gcriú talún an cineál cúnaimh a theastaíonn uait. Más rud é go bhfuil aon mhoill ann agus tú ag feitheamh ar chúnamh a fháil, cuir glaoch ar 066-9764644. Ar filleadh duit ón gceann scríbe, ba cheart duit dul go dtí an Deasc Eolais agus déanfaidh ár bhfoireann amach cad é an táille pháirceála atá le híoc agat ar an ráta fadtéarmach is ísle.

Daoine a bhfuil cúnamh de dhíth orthu agus iad ag teacht isteach i dtacsaí

Ba chóir go dtabharfadh paisinéirí a thagann isteach i dtacsaí agus a dteastaíonn cúnamh uathu dul ón tacsaí go dtí an críochfort iarraidh ar an tiománaí páirceáil i limistéar tuirlingthe an charrchlóis ghearrthéarmach atá díreach os comhair an bhealaigh isteach ar an gcríochfort agus iarraidh air dul chuig an Deasc Eolais chomh maith, agus cúnamh a lorg ón bhfoireann. Tabharfaidh duine dár gcriú talún cibé cineál cúnaimh a theastaíonn uait.

Daoine a bhfuil cúnamh de dhíth orthu agus iad ag teacht isteach ar an mbus

an stad bus suite beagnach díreach os comhair an bhealaigh isteach ar an gcríochfort. Ba cheart do phaisinéirí a dteastaíonn cúnamh uathu teacht isteach ón mbus iarraidh ar an tiománaí bus dul chuig an Deasc Eolais agus cúnamh a lorg ónár bhfoireann. Tabharfaidh duine dár gcriú talún cibé cineál cúnaimh a theastaíonn uait.

Daoine a bhfuil cúnamh de dhíth orthu chun an tseiceáil isteach a dhéanamh

Ba chóir do dhaoine a dteastaíonn cúnamh uathu chun an tseiceáil isteach a dhéanamh dul chuig an Deasc Eolais atá suite díreach os do chomhair nuair a théann tú isteach sa chríochfort. Socróidh ár bhfoireann cibé cúnamh a theastaíonn uait, cúnamh chun an tseiceáil isteach a dhéanamh, chun dul tríd an tástáil slándála agus chun dul ar bord an aerárthaigh san áireamh.

Daoine a bhfuil cúnamh de dhíth orthu tar éis dóibh an tseiceáil isteach a dhéanamh

Ba chóir do dhaoine nach dteastaíonn cúnamh uathu chun an tseiceáil isteach a dhéanamh a sheiceáil isteach mar is gnách agus comhairle a thabhairt dár bhfoireann cláraithe ann cén cineál cúnaimh atá uait. Socróidh ár bhfoireann cibé cúnamh a theastaíonn uait, cúnamh chun dul tríd an tástáil slándála agus chun dul ar bord an aerárthaigh san áireamh.

Security

Ní mór do gach uile phaisinéir dul tríd an bpointe rialuithe slándála roimh dóibh dul ar aghaidh go dtí an halla imeachta. Is féidir an cuardach a bheith déanta de láimh nó le brathadóir miotail láimhe. Más gá, is féidir limistéar cuardaigh príobháideach a chur ar fáil, scoite píosa beag ón ngnáthlimistéar.

Paisinéirí ag teacht isteach

Cuirfidh an aerlíne an t-údarás aerfoirt ar an eolas go bhfuil paisinéir ann a bhfuil cúnamh ag teastáil uathu chun tuirlingt ón eitleán. Nuair atá an t-eitleán tugtha chun talamh, casfar duine dár bhfoireann leat, agus cuirfear an cúnamh oiriúnach de réir na riachtanais atá agat ar fáil duit, lena n-áirítear an cúnamh agus tú:

  • Ag tuirlingt ón aerárthach
  • Ag dul ar aghaidh ón aerárthach i dtreo an halla teachta, agus na gnásanna imeachta inimirce déanta
  • Ag bailiú do chuid bagáiste
  • Ag bogadh ar aghaidh ón halla teachta go dtí an áit choinne ainmnithe, is é sin a rá an Deasc Eolais
  • Cúnamh chun dul go dtí do charr, nó go dtí tacsaí nó bus

Más rud é go bhfuil duine muinteartha nó cara agat chun bualadh leat ag an aerfort, is é an pointe ainmnithe dóibh bualadh leat ná an Deasc Eolais.

Cathaoireacha Rothaí

Tá roinnt cathaoireacha rothaí curtha ar fáil againn do phaisinéirí le húsáid laistigh den aerfort. Iarr ar dhuine dár bhfoireann ar cheann a fháil ag an Deasc Eolais nó nuair atá tú ag seiceáil isteach má theastaíonn ceann uait. Tá an tseirbhís seo saor in aisce.

Tá eolas ar fáil ón Deasc Eolais maidir le:

  • Tacsaithe atá oiriúnach do chathaoir rothaí
  • Cuideachtaí cothabhála/deisithe cathaoireach rothaí
  • Cathaoireacha rothaí ar cíos (Cumann Cathaoireacha Rothaí na hÉireann)

Gearáin

Más rud é nach bhfuil tú sásta leis an gcúnamh a fhaigheann tú, ba cheart duit gearáin a dhéanamh ar an gcéad ásc le Bainisteoir an Aerfoirt, Aerfort Chiarraí, An Fearann Fuar, Co. Chiarraí nó, sa chás nach bhfuil tú sásta leis an fhreagra a fhaigheann tú, is féidir leat scríobh chuig: An Coimisiún um Rialáil Eitlíochta, Teach Alexandra, Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath 2.

Más rud é go bhfuil aon fhiosrú gur mian leat déanamh roimh duit taisteal, is féidir dul i dteagmháil leis an deasc sheirbhíse do chustaiméirí ag:
Teileafón +353 (0) 66 9764644
nó ríomhphost a chur chuig:info@kerryairport.ie

Tá eolas ar fáil sa Ghearmáinis agus sa Ghaeilge chomh maith. Téigh i dteagmháil linn chun tuilleadh eolas faoi a fháil.