An Fhorbairt bhealaí

In Aerfort Chiarraí táimid tiomanta do bhealaí a fhorbairt go leanúnach, chun rochtain dhíreach ar Chiarraí a chruthú ó gach chearn den domhan. Gabhadh fáilte roimh 171,140 paisinéir in Aerfort Chiarraí le linn na chéad sé mhí de 2019, agus is ionann sin agus fás 2% in aghaidh na tréimhse chéile in 2018. Agus rochtain ar Aerfort Bhaile Átha Cliath curtha ar fáil chuile lá le seirbhísí de chuid Aer Lingus Réigiúnach, is féidir le paisinéirí ceangail a fhail ar eitiltí a théann go cinn scríbe ar fud an domhain ó Aerfort Chiarraí.

Tá Aerfort Chiarraí suite in Iardheisceart na hÉireann, an ceantar is mó a thugtar cuairt air i ndiaidh Bhaile Átha Cliath (an phríomhchathair), agus 26% de líon iomlán na gcuairteoirí a thagann go hÉirinn tarraingthe go Ciarraí, mar atá luaite ag Fáilte Éireann, i gcomparáid le 37% díobh a théann go Baile Átha Cliath. Mar sin féin, deirtear go forleathan nach gcaitheann a lán de na cuairteoirí siúd ach seal fíorghearr i mBaile Átha Cliath.

Tá Ciarraí chun tús cadhnaíochta ó thaobh chúrsaí turasóireachta de agus 1.3 milliún cuairteoirí ann ó thíortha eachtracha a chaith €337 milliún sa chontae in 2017, bliain inar cuir 14% de líon iomlán na dturasóirí eachtracha a tháinig go hÉirinn cuairt ar Chiarraí. San am i láthair, fanann 27% de na cuairteoirí ón Ríocht Aontaithe i réigiún an Iardheiscirt. In 2017, thug 32% den líon daoine ón Fhrainc a tháinig go hÉirinn cuairt ar Chiarraí, agus sa bhliain chéanna thug 27% de na cuairteoirí a tháinig ón Iodáil ar cuairt ar an gcontae (foinse – Turasóireacht Éireann).

Cén fáth go bhfuil Aerfort Chiarraí ann?

Is é Ciarraí an ceann scríbe turasóireachta is mó tóir in Éirinn, agus breis is 1.3 milliún cuairteoir ag dul ann chuile bhliain.

Tá an meon aigne an-dearfach atá againne in Aerfort Chiarraí gur “féidir linn” uathúil agus tá na páirtithe leasmhara atá againn tar éis cur go mór leis an gcomhpháirtíocht chun an gnó a mhealladh agus a dhaingniú, chun fáilte bhreá chroíúil a chur roimh na cuairteoirí agus chun dul i gcion go mór orthu agus iad ag teacht isteach sa cheantar seo den tír atá fíor-speisialta.

Beidh an fhoireann speisialaithe atá againn ag obair díreach i gcuideachta libh i dtaca le hiomlán na margaíochta comhoibríche chun dul i bhfeidhm ar slua maith daoine in Éirinn, agus ar lucht na margaíochta cinn scríbe i dtíortha eachtracha chomh maith.

Is iontach an laithreán againn agus sinn lonnaithe ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin agus nithe is díol spéise do chuairteoirí atá aitheanta ar fud an domhain lena bhfreastalaítear ar dúil an Lucht atá Fiosrach faoin gCultúr, agus an Lucht a bhíonn ag Iarraidh an Eachtraíocht Mhór chomh maith leis an Lucht a bhíonn ag Iarraidh an Fhuinnimh Shóísialta.

Teagmháil

Teagmháil:
John Mulhern, P.O.F., Aerfort Chiarraí
Ríomhphost: john.mulhern@kerryairport.ie
Teileafón: +353 66 9764644