Ciarraí, an tsaoire duit sa dúlra

An tSaoire Duit Sa Dúlra

Ciarraí - an tsaoire duit sa dúlra

Táthar ag cur fáilte roimh turasóirí i gContae Chiarraí leis na glúnta. Agus é suite ar chósta thiar theas na hÉireann, agus Sruth na Murascaille ag sreabhadh gar leis, tá Ciarraí, ina bhfuil an dúlra gan mhilleadh agus tírdhreacha iontacha, chomh maith le cultúr saibhir agus uathúil ar fáil, ar an gceann scríbe réigiúnach is mó tóir i measc an lucht saoire ó thíortha eachtracha. Tá roinnt de na radhairc is mó cáil in Éirinn le feiceáil sa réigiún seo, lena n-áirítear Cill Airne agus na lochanna cáiliúla ann ina measc siúd, chomh maith leis na tírdhreacha i gCorcha Dhuibhne a chuirfeadh iontas ort, Uíbh Ráthach agus Mórchuaird Chiarraí, agus Béarra chomh maith, atá chomh millteanach álainn leis na háiteanna eile, an baile stairiúil,Trá Lí, agus na féaraigh agus tránna gainmheacha i gCiarraí Thuaidh chomh maith.

Is i gContae Chiarraí atá na sléibhte is airde in Éirinn lonnaithe, chomh maith leis na conairí shiúil is faide sa tír, Slí Chiarraí ina measc, agus tá an Pháirc Náisiúnta is sine sa tír ann chomh maith (Cill Airne). Tá stór mór millteanach de láithreáin agus séadchomharthaí seandálaíochta agus stairiúla ann, agus an Láithreán Oidhreachta Domhanda EOECNA Sceilg Mhichíl ina measc. Tá traidisiún cultúrtha seanbhunaithe ann a théann siar leis na cianta, agus meas mór ag muintir na háite ar an rince, an ceol agus an litríocht Ghaelach, ar na healaíona agus ceardaíocht dúchasacha, agus ar an nGaeilge chomh maith, go deimhin. Tá clú agus cáil ar mhuintir Chiarraí mar dhaoine atá fáilteach gnaíúil, agus mar gheall ar an fáilte chroíúil mhacánta a fhaightear uathu.

Tá an tionscal turasóireachta i gCiarraí forbartha go maith freisin, agus thart ar 12,000 seomra codlata cláraithe le fáil ann, chomh maith le féilte agus imeachtaí dá stíl inaitheanta féin, nithe mealltacha do chuairteoirí, cúrsaí gailf a bhfuil clú domhanda orthu, agus anuas air sin uile, is ceann scríbe é a bhfuil ag freastal ar lucht na héiceathurasóireachta, na turasóireachta muirí agus glaise é. Is parthas é don lucht saoire gníomhaíochta agus eachtraíochta.

Ciarraí -an tSaoire Duit Sa Dúlra – Tar anall agus cuir aithne orainn.

Kerry - Your Natural Escape
Kerry - Your Natural Escape
The Reeks District
The Reeks District
Killarney
Skellig Coast
Skellig Ring Co Kerry
Tralee
Tralee
Listowel & North Kerry
Ballybunion
Kenmare
Kenmare
Dingle Peninsula
Great Blasket Island