Cill Airne

An Baile Lonnaithe sa Pháirc

Killarney logo

Tá daoine ag dul go Cill Airne – i Ríocht ársa Chiarraí – chun gach rud a fhágáil ina ndiaidh le breis is 250 bliain anuas Tagann siad mar gheall ar an áilleacht cháiliúil atá san áit: na lochanna, na heasa, na binn sléibhte agus na radhairc ann a d’fhágfadh do chroí i do bhéal. Agus tagann siad le haghaidh an craic agus ceol: na hoícheanta iontach agus an magadh, na tábhairne, an ceol beo, agus chun blaiseadh a fháil de dhraíocht agus de mealltacht réchúiseach Chiarraí.

Chuaigh Banríon Victoria ann agus thit sí i ngrá leis an áit. Tá sé molta go hard na spéire ag filí agus ag amhránaithe. “Áit as a dtagann fáilte traidisiúnta na nÉireannach” a dtugtar air, toisc gurb san áit seo ar cuireadh tús leis an turasóireacht in Éirinn.

Tá “Beauty’s home, Killarney”, nó “An áit as ar tháinig an áilleacht fadó, Cill Airne” (de réir fhocail an amhráin sin) lonnaithe sa chéad pháirc mhór náisiúnta le bheith bunaithe in Éirinn, áit a dtéann Na Cruacha Dubha – na sléibhte is airde sa chontae – timpeall ar thrí loch oighreach dochreidte áille. Tá an t-aon tréad amháin d’fhia rua dúchasacha sa tír le feiceáil anseo, ag dul thart tríd na seanchoillte darach agus iúir. Téann iolair mhara, atá fíor-annamh go deo, ag gluais os do chomhair sa spéir.

Tá an baile lonnaithe ar chósta thoir thuaidh an ceann is mó de na trí Loch i gCill Airne – Loch Léin, nó Loch na Foghlama – áit a ndearna na manaigh ar Inis Faithlinn taifeadadh sa mheánaois ar an stair is luaithe atá againn ar chúrsaí na hÉireann.

Tá sé éasca taitneamh a bhaint as an dúlra i gCill Airne – agus éasca leis a bheith chomh gníomhach nó chomh réchúiseach is ar mian leat. Tá siúlóidí deasa réidh agus siúlóidí deacra ann, chomh maith le turais lae agus turais treoraithe, rothair ar fáil ar cíos agus aistir bád ar fáil ann. Bíonn carranna turais capaill traidisiúnta – agus a dtiománaithe ar a tugtar “járbhaithe” – ag fuireach i lár an bhaile chun na cuairteoirí a thabhairt leo go dtí an Pháirc Náisiúnta. Is féidir carr turais capall a fháil tríd an ngleann oighrithe taibhsiúil álainn, trí Bhearna an Choimín; nó spraoi a bhaint as turas báid thar na trí loch, rud atá iontach draíochtach é a dhéanamh.

Is í Cill Airne an áit is fearr a bheith lonnaithe chun dul amach ag fánaíocht thart ar na trí leithinis fiáine in Iarthar Dheisceart na hÉireann ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin – Corca Dhuibhne, Béarra agus Uíbh Ráthach – agus Mórchuaird Chiarraí a bhfuil cáil dhomhanda uirthi.

Ar ais sa bhaile, tá na sráideanna dubh le daoine agus lán beocht, bríomhar le cúrsaí an tsaoil, agus an fhuílleach de bhialanna agus de scoth an bhia ann le roghnú.