Neidín

An Nead Beag ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin

Kenmare logo

Tearmann suaimhneach is ea Neidín atá suite ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin agus a bhfuil bia agus lóistín den chéad scoth le fáil ann, chomh maith le radharcra tarraingteach. Bhí daoine san áit siar san aimsir réamhstaire, agus meastar go dtéann an ciorcal liag atá le feiceáil i lár an bhaile siar timpeall ar 3,000 bliain. Rinne an Tiarna William Petty an dearadh ar an mbaile pleanáilte atá ann sa lá atá inniu ann agus ba é an suirbhéir John Powell a rinne é a fhorbairt déanach sna 1700í.

Is é Kenmare an t-ainm atá ar an mbaile i mBéarla. Ach tá an t-ainm atá air sa Ghaeilge níos oiriúnaí do bhaile atá neadaithe idir dhá leithinis, Mórchuaird Chiarraí agus Béarra. Is áit í an Neidín a bhfuil áilleacht osnádúrtha ann, áilleacht a chothaíonn an anam agus a spreagann tú nóiméad amháin a thógáil chun do scíth a ligean sula luíonn tú isteach ar na gníomhaíochtaí iontacha gur féidir leat déanamh ann!

Tá a lán rud le déanamh i Neidín, idir gníomhaíochtaí talamhbhunaithe agus uiscebhunaithe araon. Foghlaim conas marcaíocht ar chapall, ná bain triail as culaith fhliuch a chaitheamh agus dul isteach san fharraige, téigh ag rothaíocht ar na bóithre ciúine nó téigh ar thuras siúil, fiú, fad na gconairí éagsúla a bhfuil go leor díobh ann. Tá Cuan Chinn Mara agus an ceantar ina mhórthimpeall dochreidte ó thaobh na dúlra de agus beidh tú fágtha le cuimhní buana leis na heachtraí a bheidh agat ann.

Is áit í Neidín a mheallann daoine dul ann, agus dul ar ais ann leis, tá a lán daoine ann nach bhfágann siad riamh an áit, le bheith cruinn faoi, tar éis dóibh teacht ar cuairt ann, agus a dhéanann nead dóibh féin ann. Le blianta fada anuas, tá spreagadh faighte ag ealaíontóirí a úsáideann gach uile shaghas meáin ón gceantar áille seo.

Tá cáil domhanda ar Kenmare chomh maith mar gheall ar an gcaighdeán fáilteachais atá ann agus bíonn intinn na hóstach ann dírithe air go mbainfidh tú suaimhneas agus siamsaíocht as an seal a gaitheann tú ann chun a bheith cinnte dearfa de go bhfuil sé díreach mar a bhí tú ag súil leis, agus ionas nach ndéanfaidh tú dearmad ar an tráth úd mar gheall air a bheith chomh speisialta sin. Tá clú ar an mbaile mar ionad ardcháil bia freisin, agus bíonn sé i gcónaí speisialta nuair a théitear amach chun ithe i Neidín. Tá togha na táirgí ón gceantar áitiúil ar tairiscint sna bialanna ardmholta atá ann a bhfuil duaiseanna bronnta orthu. Tá rogha saibhir leathan á tairiscint ann.