An tSlándáil & Custaim

Méid Bagáiste Láimhe atá Ceadaithe

Treoirlínte maidir le bagáiste cábáin – Níor chóir go mbeadh toisí bagáiste láimhe níos mó ná 56cm ar fhad, 45cm ar leithead agus 25cm ar dhoimhne (agus na rothaí, hanlaí, pócaí taobh srl. san áireamh leis sin). Seiceáil leis an aerlíne é féin roimh d’eitilt toisc go mbíonn srianta níos doichte maidir leis na toisí curtha i bhfeidhm ag roinnt aerlínte.

Míreanna coiscthe

Tá liosta de mhíreanna atá coiscthe tarraingthe suas ag an AE nach féidir leat iad a thógáil ar bord an aerárthach. Sa liosta sin, áirítear míreanna gur contúirtí soiléire iad maidir leis an tslándáil eitilte, amhail pléascáin agus airm, agus earraí eile a d’fhéadfadh gortuithe tromchúiseacha a dhéanamh chomh maith, bataí agus slacáin, mar shampla, nó míreanna a d’fhéadfaí a cheapadh gur fíorairm iad, amhail gunnaí bréige.

Agus tú i mbun do chuid mhálaí a phacáil, ba chóir duit é a chur san áireamh go bhfuil earraí áirithe, a d’fhéadfadh an cuma orthu nach bhfuil siad díobhálach, nach bhfuil ceadaithe a bheith i do bhagáiste láimhe ar mhaithe le cúiseanna slándála, leithéidí gáis agus spraeanna amhail spraeanna piobar; rudaí géara leithéidí sceana (a bhfuil lann orthu níos faide ná 6cm); béalmhíreanna druilire; lanna sáibh nó scriúirí; bataí agus slacáin nó clubanna. Caithfidh na míreanna seo a ghéilleadh ag an seicphointe slándála, é sin nó caithfidh iad a bheith pacáilte i do bhagáiste do bholg an eitleáin. Chiceáil Anseo chun tuilleadh eolais a fháil >>

Chun tú a chosaint i gcoinne bhaol na bpléascán leachtach, tagaimid faoi smacht rialacha slándála an AE. Leis na rialacha sin, tá srian curtha ar an méid leachtanna is féidir leat a thabhairt leat trínár seicphointí slándála i do bhagáiste láimhe toisc gur féidir pléascáin leachtacha a cheilt mar mhíreanna a úsáidtear ó lá go lá, an ghlóthach gruaige, an taos fiacla, agus an subh, mar shampla. De réir na rialacha reatha atá ann, is féidir leat leachtanna a iompar mar bhagáiste láimhe i gcoimeádáin aonair a bhfuil toilleadh acu nach mó ná 100 ml agus atá curtha i mála plaisteach trédhearcach ath-inséalaithe a bhfuil toilleadh aige sin nach mó ná aon lítear amháin. Áirítear le leachtanna an ghlóthach, aerasóil, taois, lóiseanna, nithe gur meascáin leachtacha/soladacha iad agus nithe eile a bhfuil an raimhre sin acu, amhail deochanna, taos fiacla, anraithí, síoróipí, an cumhrán, an sobal bearrtha, srl.

Ceadaítear cógais riachtanacha lena n-áirítear bia linbh agus bainne linbh i gcainníochtaí níos mó ná 100 ml, ach ní mór an fhoireann slándála a chur ar an eolas maidir leo, agus déanfar scagthástáil shainiúil bhreise orthu ag an seicphointe.

An tSábháilteacht & Slándáil

Glac leis an gcomhairle a chuirimid ar fáil duit chun ullmhú leis an bpróiseas slándála, mura miste, chun am a shábháil ort agus ar mhaithe le go mbeidh do thuras níos taitneamhaí.

  • Bíodh do chuid doiciméid taistil réidh agat le scrúdú a bheith déanta orthu.
  • Cloígh leis na treoirlínte atá curtha i bhfeidhm an aerlíne lena bhfuil tú ag taisteal maidir leis an méid bagáiste atá ceadaithe sa chábán.
  • Bain díot gach aon seaicéad agus cóta atá ort, déanfar iadsan a scagadh ar bhonn ar leith leis an scanóir x-gath.
  • Tóg amach gach aon ríomhaire glúine, táibléad (i-pad agus a leithéid srl.), kindle/ríomhléitheoirí agus aon ghléas leictreonach ata i do chuid bhagáiste don chábán, le scrúdú a bheith déanta ar bhonn ar leith air.
  • Bí réidh do chuid bróga agus do chrios a bhaint díot, sa chás go n-iarrtar ort amhlaidh a dhéanamh.
  • Bíodh do chuid earraí níocháin, lóiseanna iarbhearrtha cumhráin agus cosmaidí go léir (agus iad i gcoimeádáin 100ml de thoirt, nó níos lú, an ceann) curtha agat i mála plaisteach trédhearcach ath-inséalaithe (1 lítear de thoilleadh nó níos lú) agus bí réidh leis an fhoireann foirne slándála x-ghathanna ar leith a dhéanamh ar do chuid bhagáiste cábáin.

Pasanna & Víosaí

Ag Imeacht ó Éirinn:
Bíonn gá le pas bailí, go hiondúil, más ag taisteal thar lear atá tú. I gcás roinnt tíortha, bíonn gá leis go mbeidh do phas bailí go deo i gcion sé mhí, ar a laghad, tar éis an dáta atá beartaithe agat chun filleadh, agus féadfar gá a bheith ann víosa a bheith agat chomh maith. Roimh duit taisteal, ba cheart na riachtanais iontrála atá i bhfeidhm sa tír a bhfuil agat mar cheann scríbe a sheiceáil, agus bí cinnte go ndéanann tú do phas a athnuachan agus/nó go gcuireann tú isteach iarratas ar víosa san ambasáid nó sa chonsalacht oiriúnach in am maith.

Más rud é go bhfuil do phas goidte nó caillte, ní mór duit tuairisc a dhéanamh de sin in Oifig na bPas nó san Ambasáid nó Consalacht Éireannach is gaire leat. Seans gurbh fhiú é cárta aitheantais fótagrafach breise a bheith agat, sa bhreis ar do phas, chomh maith.

Ag Teacht Isteach in Éirinn:
Caithfidh do phas fós a bheith bailí trí mhí ar a laghad i ndiaidh duit teacht isteach in Éirinn, i gcás gach uile phaisinéir ach amháin: Daoine ar rugadh sa Ríocht Aontaithe iad atá ag taisteal go díreach ón Ríocht Aontaithe (ní bhaineann sé seo ach amháin le daoine a bhfuil pas Briotanach acu).

Nóta: Cé nach bhfuil pas nó víosa ag teastáil ó shaoránaigh de chuid na Ríochta Aontaithe chun teacht i dtír in Éirinn, bíonn cineál éigin d’aitheantas fótagrafach de dhíth ar fhormhór na n-aerlínte, agus pas nó ceadúnas tiomána a bhfuil grianghraf air atá i gceist leis sin, de ghnáth. Náisiúnaigh an AE a bhfuil cárta aitheantas náisiúnta bailí acu. Nóta: Ní cheanglaítear ar náisiúnaigh an AE ach fianaise ar a náisiúntacht AE agus ar a aitheantas a thaispeáint le bheith ligthe isteach in aon Bhallstát ar bith de chuid an AE. Is féidir glacadh le pas náisiúnta bailí nó cárta aitheantas náisiúnta mar an fhianaise seo. Tá ceachtar díobhsan inghlactha.

Ba chóir do chuairteoirí seiceáil an cineál de chruthúnas ar aitheantas atá ag teastáil leis an aerlíne ar leith sula dtéann siad chun taistil.

Nasc Aer Lingus >>
Nasc Ryanair >>

Allmhairí & Custaim

Tá trí chainéil custam curtha i bhfeidhm in Aerfort Chiarraí:

An Cainéal Gorm:

Ní gá do phaisinéirí ar thosaigh a dturas agus a n-eitilt i dtír eile de chuid an AE aon dearbhú a dhéanamh leis an lucht custaim nuair a thagann siad i dtír agus ligfear dóibh leanúint ar aghaidh go díreach tríd an gCainéal Gorm.

An Cainéal Gorm & an Cainéal Dearg:
Ní mór do phaisinéirí a thagann ar eitiltí ó thíortha neamh-AE, na hOileáin Chanáracha nó Oileáin Mhuir nIocht ó aerfort AE ar eitilt a tháinig lasmuigh den AE an imréiteach an lucht chustaim a shásamh agus dul tríd an gCainéal Glas nó Dearg.

Le haghaidh faisnéis faoi rialacháin Chustaim agus Máil na hÉireann (lena n-áirítear liúntais agus sonraí faoi earraí atá toirmiscthe nó srianta), cliceáil anseo>>

Ba cheart duit dul tríd an gCainéal Glas más rud é go bhfuil tú lánchinnte de:

  • Nach bhfuil aon lamháltais sáraithe agat, agus níos mó agat den earra ná mar atá ceadaithe. Tá na lamháltais siúd curtha suas ar fhógraí timpeall halla an bhagáiste.
  • Nach bhfuil aon earraí agat atá toirmiscthe nó srianta.

Ba cheart duit dul tríd an gCainéal Dearg más rud é:

  • Nach bhfuil tú lánchinnte cad é an gcainéal ceart duit
  • Go bhfuil ceann de na lamháltais sáraithe agat maidir leis an méid earraí atá ceadaithe duit
  • Go bhfuil aon earraí agat atá toirmiscthe nó srianta.