Páirceáil Carranna & Táillí

Tá dhá charrchlós phríomhacha lonnaithe ag Aerfort Chiarraí – An Pháirceáil Ghearrthéarmach agus an Pháirceáil Fhadthéarmach

An Pháirceáil Ghearrthéarmach

Tá an carrchlós páirceála gearrthéarmaí lonnaithe díreach os comhair an phríomh-chríochfoirt agus tá sé foirfe don té atá chun duine a phiocadh suas nó chun duine a ligean amach le heitilt a fháil, don té atá chun an carr a fhágáil ann oíche amháin, nó fiú don dé atá chun é a fhágáil ann ar feadh tréimhsí cúpla lá.

Rátaí Reatha: An Chéad Leathuair Saor In Aisce – Idir €2.50 agus €10 in aghaidh an lae, ag brath ar fhad na tréimhse, suas go dtí 24 uair.

GearrthéarmaRátaí
0-30 nóimSaor in aisce
Suas le 2 uair an chloig€2.50
Suas le 5 uair an chloig€5.00
Suas le 12 uair an chloig€8.00
Suas le 24 uair an chloig€10.00
Le haghaidh an lá ar fad (nó cuid de)€10.00

An Pháirceáil Fhadtéarmach

Tá an carrchlós fadtéarmach suite níos lú ná dhá nóiméad ar shiúil ón bpríomh-chríochfort. Tá sé foirfe oiriúnach más chun fanacht ar feadh tréimhsí fada, deirí seachtaine fada mar shampla, nó le haghaidh laethanta saoire.

Rátaí Reatha: An Chéad Uair A Chloig Saor In Aisce – Idir €4.50 agus €6 in aghaidh an lae, ag brath ar fhad na tréimhse, suas go dtí 24 uair.

FadtéarmaRátaí
Suas le 1 uair an chloigSaor in aisce
Suas le 2 uair an chloig€1.50
Suas le 12 uair an chloig€6.00
Suas le 24 uair an chloig€7.00
Le haghaidh an lá ar fad (nó cuid de) Idir Lá 1 agus Lá 5 (Muirear uasta de €40 le haghaidh 8 lá)€7.00
Le haghaidh an lá ar fad (nó cuid de) Idir Lá 9 agus Lá 15 (Muirear uasta de €60 le haghaidh 15 lá)€5.00
Le haghaidh an lá ar fad (nó cuid de) I ndiaidh an 15ú Lá€5.00

Áiseanna Páirceála do Dhaoine Faoi Mhíchumas

Tá 10 spás páirceála do dhaoine faoi mhíchumas ar fáil ag Aerfort Chiarraí Tá na spásanna seo ar fáil sa charrchlós gearrthéarmach chun an rochtain éasca ar an gcríochfort a chur ar fáil.

Rátaí Reatha: An Chéad Uair A Chloig Saor In Aisce – Idir €5 agus €7 in aghaidh an lae, ag brath ar fhad na tréimhse, suas go dtí 24 uair.

Íocaíocht

Tá dhá rogha ann chun íocaíocht a dhéanamh ag Stáisiúin Íocaíochta na gCarrchlós – boinn/nótaí airgid Euro, agus cártaí creidmheasa móréilimh (Mastercard, Visa)