Féach thart ar na sléibhte agus na lochanna i gContae Chiarraí chomh maith leis an gcósta ann
Trá Lí
An tSaoire Duit Sa Dúlra

Táthar ag cur fáilte roimh turasóirí i gContae Chiarraí leis na glúnta. Agus é suite ar chósta thiar theas na hÉireann, agus Sruth na Murascaille ag sreabhadh gar leis, tá Ciarraí, ina bhfuil an dúlra gan mhilleadh agus tírdhreacha iontacha, chomh maith le cultúr saibhir agus uathúil ar fáil, ar an gceann scríbe réigiúnach is mó tóir i measc an lucht saoire ó thíortha eachtracha. Tá roinnt de na radhairc is mó cáil in Éirinn le feiceáil sa réigiún seo, lena n-áirítear Cill Airne agus na lochanna cáiliúla ann ina measc siúd, chomh maith leis na tírdhreacha i gCorcha Dhuibhne a chuirfeadh iontas ort, Uíbh Ráthach agus Mórchuaird Chiarraí, agus Béarra chomh maith, atá chomh millteanach álainn leis na háiteanna eile, an baile stairiúil,Trá Lí, agus na féaraigh agus tránna gainmheacha i gCiarraí Thuaidh chomh maith.
Is i gContae Chiarraí atá na sléibhte is airde in Éirinn lonnaithe, chomh maith leis na conairí shiúil is faide sa tír, Slí Chiarraí ina measc, agus tá an Pháirc Náisiúnta is sine sa tír ann chomh maith (Cill Airne). Tá stór mór millteanach de láithreáin agus séadchomharthaí seandálaíochta agus stairiúla ann, agus an Láithreán Oidhreachta Domhanda EOECNA Sceilg Mhichíl ina measc. Tá traidisiún cultúrtha seanbhunaithe ann a théann siar leis na cianta, agus meas mór ag muintir na háite ar an rince, an ceol agus an litríocht Ghaelach, ar na healaíona agus ceardaíocht dúchasacha, agus ar an nGaeilge chomh maith, go deimhin. Tá clú agus cáil ar mhuintir Chiarraí mar dhaoine atá fáilteach gnaíúil, agus mar gheall ar an fáilte chroíúil mhacánta a fhaightear uathu.
Tá an tionscal turasóireachta i gCiarraí forbartha go maith freisin, agus thart ar 12,000 seomra codlata cláraithe le fáil ann, chomh maith le féilte agus imeachtaí dá stíl inaitheanta féin, nithe mealltacha do chuairteoirí, cúrsaí gailf a bhfuil clú domhanda orthu, agus anuas air sin uile, is ceann scríbe é a bhfuil ag freastal ar lucht na héiceathurasóireachta, na turasóireachta muirí agus glaise é. Is parthas é don lucht saoire gníomhaíochta agus eachtraíochta.
Ciarraí -an tSaoire Duit Sa Dúlra – Tar anall agus cuir aithne orainn.
Féach thart ar an Ríocht duit féin.
An Baile Lonnaithe sa Pháirc

Tá daoine ag dul go Cill Airne – i Ríocht ársa Chiarraí – chun gach rud a fhágáil ina ndiaidh le breis is 250 bliain anuas Tagann siad mar gheall ar an áilleacht cháiliúil atá san áit: na lochanna, na heasa, na binn sléibhte agus na radhairc ann a d’fhágfadh do chroí i do bhéal. Agus tagann siad le haghaidh an craic agus ceol: na hoícheanta iontach agus an magadh, na tábhairne, an ceol beo, agus chun blaiseadh a fháil de dhraíocht agus de mealltacht réchúiseach Chiarraí.
Chuaigh Banríon Victoria ann agus thit sí i ngrá leis an áit. Tá sé molta go hard na spéire ag filí agus ag amhránaithe. “Áit as a dtagann fáilte traidisiúnta na nÉireannach” a dtugtar air, toisc gurb san áit seo ar cuireadh tús leis an turasóireacht in Éirinn.
Tá “Beauty’s home, Killarney”, nó “An áit as ar tháinig an áilleacht fadó, Cill Airne” (de réir fhocail an amhráin sin) lonnaithe sa chéad pháirc mhór náisiúnta le bheith bunaithe in Éirinn, áit a dtéann Na Cruacha Dubha – na sléibhte is airde sa chontae – timpeall ar thrí loch oighreach dochreidte áille. Tá an t-aon tréad amháin d’fhia rua dúchasacha sa tír le feiceáil anseo, ag dul thart tríd na seanchoillte darach agus iúir. Téann iolair mhara, atá fíor-annamh go deo, ag gluais os do chomhair sa spéir.
Tá an baile lonnaithe ar chósta thoir thuaidh an ceann is mó de na trí Loch i gCill Airne – Loch Léin, nó Loch na Foghlama – áit a ndearna na manaigh ar Inis Faithlinn taifeadadh sa mheánaois ar an stair is luaithe atá againn ar chúrsaí na hÉireann.
Tá sé éasca taitneamh a bhaint as an dúlra i gCill Airne – agus éasca leis a bheith chomh gníomhach nó chomh réchúiseach is ar mian leat. Tá siúlóidí deasa réidh agus siúlóidí deacra ann, chomh maith le turais lae agus turais treoraithe, rothair ar fáil ar cíos agus aistir bád ar fáil ann. Bíonn carranna turais capaill traidisiúnta – agus a dtiománaithe ar a tugtar “járbhaithe” – ag fuireach i lár an bhaile chun na cuairteoirí a thabhairt leo go dtí an Pháirc Náisiúnta. Is féidir carr turais capall a fháil tríd an ngleann oighrithe taibhsiúil álainn, trí Bhearna an Choimín; nó spraoi a bhaint as turas báid thar na trí loch, rud atá iontach draíochtach é a dhéanamh.
Is í Cill Airne an áit is fearr a bheith lonnaithe chun dul amach ag fánaíocht thart ar na trí leithinis fiáine in Iarthar Dheisceart na hÉireann ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin – Corca Dhuibhne, Béarra agus Uíbh Ráthach – agus Mórchuaird Chiarraí a bhfuil cáil dhomhanda uirthi.
Ar ais sa bhaile, tá na sráideanna dubh le daoine agus lán beocht, bríomhar le cúrsaí an tsaoil, agus an fhuílleach de bhialanna agus de scoth an bhia ann le roghnú.
An Nead Beag ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin

Tearmann suaimhneach is ea Neidín atá suite ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin agus a bhfuil bia agus lóistín den chéad scoth le fáil ann, chomh maith le radharcra tarraingteach. Bhí daoine san áit siar san aimsir réamhstaire, agus meastar go dtéann an ciorcal liag atá le feiceáil i lár an bhaile siar timpeall ar 3,000 bliain. Rinne an Tiarna William Petty an dearadh ar an mbaile pleanáilte atá ann sa lá atá inniu ann agus ba é an suirbhéir John Powell a rinne é a fhorbairt déanach sna 1700í.
Is é Kenmare an t-ainm atá ar an mbaile i mBéarla. Ach tá an t-ainm atá air sa Ghaeilge níos oiriúnaí do bhaile atá neadaithe idir dhá leithinis, Mórchuaird Chiarraí agus Béarra. Is áit í an Neidín a bhfuil áilleacht osnádúrtha ann, áilleacht a chothaíonn an anam agus a spreagann tú nóiméad amháin a thógáil chun do scíth a ligean sula luíonn tú isteach ar na gníomhaíochtaí iontacha gur féidir leat déanamh ann!
Tá a lán rud le déanamh i Neidín, idir gníomhaíochtaí talamhbhunaithe agus uiscebhunaithe araon. Foghlaim conas marcaíocht ar chapall, ná bain triail as culaith fhliuch a chaitheamh agus dul isteach san fharraige, téigh ag rothaíocht ar na bóithre ciúine nó téigh ar thuras siúil, fiú, fad na gconairí éagsúla a bhfuil go leor díobh ann. Tá Cuan Chinn Mara agus an ceantar ina mhórthimpeall dochreidte ó thaobh na dúlra de agus beidh tú fágtha le cuimhní buana leis na heachtraí a bheidh agat ann.
Is áit í Neidín a mheallann daoine dul ann, agus dul ar ais ann leis, tá a lán daoine ann nach bhfágann siad riamh an áit, le bheith cruinn faoi, tar éis dóibh teacht ar cuairt ann, agus a dhéanann nead dóibh féin ann. Le blianta fada anuas, tá spreagadh faighte ag ealaíontóirí a úsáideann gach uile shaghas meáin ón gceantar áille seo.
Tá cáil domhanda ar Kenmare chomh maith mar gheall ar an gcaighdeán fáilteachais atá ann agus bíonn intinn na hóstach ann dírithe air go mbainfidh tú suaimhneas agus siamsaíocht as an seal a gaitheann tú ann chun a bheith cinnte dearfa de go bhfuil sé díreach mar a bhí tú ag súil leis, agus ionas nach ndéanfaidh tú dearmad ar an tráth úd mar gheall air a bheith chomh speisialta sin. Tá clú ar an mbaile mar ionad ardcháil bia freisin, agus bíonn sé i gcónaí speisialta nuair a théitear amach chun ithe i Neidín. Tá togha na táirgí ón gceantar áitiúil ar tairiscint sna bialanna ardmholta atá ann a bhfuil duaiseanna bronnta orthu. Tá rogha saibhir leathan á tairiscint ann.
Ar imeall an domhain
Agus tú ag an bpointe is faide siar ar Uíbh Ráthach – leathbhealach timpeall Mhórchuaird Chiarraí a bhfuil cáil dhomhanda uirthi – mothaíonn sé amhail is go bhfuil tú ag seasamh ar imeall na cruinne. Seo Cósta na Scealga.
Amach siar san fharraige, tá dhá sceilg scolbacha – na Scealga – ag briseadh aníos as an Atlantach: An Sceilg Bheag, áit a bhfuil ceann de na coilíneachtaí éanlaithe mara is mó ar domhan ag cur fúthu, agus Sceilg Mhichíl, áit dísirt dochreidte iargúlta, aonair – ceann d’iontais an domhain.
Tá Cósta na Scealga ar fad spreagúil fuinniúil. Ar an mbealach cósta, Lúb na Scealga, téann tú le fána síos lánaí cúnga isteach sa Ghaeltacht agus trí chalaí agus sráidbhailte fíorbheaga. Seans go rachfá ar shiúlóid suas bóithre ailte géara, an ghaoth ag scuabadh trasna thart, go hard os comhair na farraige agus na tonnta thíos fút ag greadadh i gcoinne na n-aillte. Nó go nglacfá siúlóid dheas réidh fad trá ghainmheach leathan. Agus solas óir na gréine ag lonrú anuas ar beanna scobalacha Uíbh Ráthaigh agus Dhaingean Uí Chúis. Scuabann bandaí báistí isteach ón Atlantach sna séidtí agus téann ar aghaidh thart, ag fágáil rian na boghanna báistí is leithne ina ndiaidh.
Is féidir fíoraithne a chur ar na daoine san áit seo. Tá gnólachtaí teaghlaigh beaga ann: tábhairní ina lastar tinte móna agus ina gcastar seisiúin cheoil thraidisiúnta, tithe lóistín leaba is bricfeasta, bialanna a bhfuil seomraí ar fáil iontu, agus táirgí bia áitiúla – idir an tseacláid cheardaí agus chuid den bhia mara is fearr in Éirinn.
Tá éagsúlacht nithe suimiúla ó thaobh na staire le fáil ann freisin, ó na rianta cos teitreapód ar bhruacha Dhairbhre – na loirg choise is sine ar domhan, go dtí an suíomh ar cheangail an chéad Chábla Trasatlantaigh, idir an áit ar rugadh Dónall Ó Chonaill i gCathair Saidhbhín, i bPáirc Náisiúnta Dhoire Fhíonáin, agus cuimhní cinn Charlie Chaplin, ar thaitin go mór leis a shaoire a chaitheamh sa Choireán.
Tá sé thar a bheith éasca a bheith meallta amach ón mbóthar, agus tú féin a chailliúint síos na bóithríní beaga. Ach má théann tú ar strae – ní stró mór é. Beidh tú ag iarraidh fanacht ann, ach tóg go deas réidh é, agus féach thart ar an áit duit féin.
Ceantar Súgartha Eachtraíochta na hÉireann

Tá Ceantar na gCruach, a bhfuil cuid den radharc tíre is breátha in Éirinn le feiceáil timpeall air, suite ar chósta an iarr-dheiscirt, i bhfoisceacht urchar chloiche d’Aerfort Chiarraí. The region was recently chosen by Rough Guides as one of its Best Places to Visit in 2019 – an annual list of the holiday hotspots that most excite the esteemed travel guides’ authors for the coming year. Tá sé liostaithe sa tríú áit chomh maithe mar cheann de na ‘6 Regions on our Radar’ [‘Na 6 Réigiún a bhfuil an-suim againn iontu’].
Téann an ceantar seo chomh fada siar leis an mbinn is airde in Éirinn, Corrán Tuathail (1,039m), agus ar aghaidh uaidh sin go dtí na tránna Brataí Goirme cois Chuan Chaisleán na Mainge, agus tá cúlra radharc iontach le fáil ann do mhuintir na háite agus do chuairteoirí araon chun sásamh a bhaint astu, agus tá an leasainm Ceantar Súgartha Eachtraíochta na hÉireann tugtha air. Is ceantar é ina mbíonn seans agat an-chuid gníomhaíochtaí éagsúla a dhéanamh, dála na siúlóide, na siúlóireactha, na rothaíochta, na dreapadóireachta, na cadhcála agus na surfála chomh maith, in aon cheantar beag amháin.
Is féidir le daoine a thaitníonn cúrsaí eachtraíochta leo triall a bhaint as an dúshlán nua, an Big Five Challenge [Iarracht na Cúig Dúshlán Mhóra] – an cluiche eachtraíochta gur cheart é a dhéanamh sula bhfaigheann tú bás, níos mó ná aon cheann eile in Éirinn. I measc na ngníomhaíochtaí atá le déanamh sa Big Five, caithfidh tú dreapadh go barr an tsléibhe is airde sa tír, Corrán Tuathail, dul ag surfáil ar Thrá na hInse, fad Loch Cárthaí a chur díot i gcadhc, Lúb na gCruach a chur díot ar rothar, agus triall a bhaint as an an tsurfáil seaschéaslóireachta ar Loch Cluanach, loch sléibhe iargúlta atá suite ar imeall an t-aon Shraith Óir    Anaclann Spéire Duibhe sa Leathsféar Thuaidh (atá ar cheann den trí anaclann Shraith Óir atá ann ar fud an domhain).
Tá go leor rudaí eile le déanamh sa cheantar, agus ina measc siúd is féidir dul ag marcaíocht ar thránna órga, an galf a imirt, agus dul go dtí féilte, margaí agus nithe oidhreachta is díol spéise do thurasóirí iad.
Tar éis an lá a chaitheamh ag féachaint timpeall ar na nithe is díol spéise don turasóir, tá an iliomad roghanna de bhialanna, de thithe tábhairne agus lóistín ann don chuairteoir, agus go leor tithe lóistín leaba is bricfeasta, tithe mainéir agus óstáin faiseanta ann chomh maith le lóistín féinfhreastail le fáil i gCeantar na gCuach, agus fáilte chroíúil Éireannach le fáil pé áit a fhanann tú
Baile Contae Chiarraí

Níl Trá Lí, príomhbhaile contae Chiarraí, ach 15 nóiméad sa charr ón aerfort, baile bríomhar beoga fuinniúil atá ann agus é mar an phríomhthairseach i gCiarraí ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin. Is é an Baile Mór Turasóireachta Is Fearr 2015 agus, anuas air sin, is é an príomhbhaile chun teacht ar an ngnó, ar an tsiopadóireacht, ar an oideachas agus ar an tionscadal sa chontae, agus roinnt mhaith cuideachtaí teicneolaíochta idirnáisiúnta lonnaithe ann chomh maith. Tá an áit sáite sa stair mheánaoiseach agus rinneadh ceiliúradh ann le déanaí ar chomóradh 800 bliain ón tráth ar bunaíodh é. Is fearr aithne ar an mbaile mar an áit a n-óstáiltear Féile Idirnáisiúnta Rós Thrá Lí i mí Lúnasa, chuile bhliain.
Trá Lí agus Slí an Atlantaigh Fhiáin Seod ar an sainbhealach turasóireachta cósta is faide ar domhan is é Bá Thrá Lí. Is é Trá Lí an láithreán foirfe duit tú féin a lonnú chun féachaint thart ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin i gCiarraí, agus na muirdhreacha iontacha ann a bhainfeadh an anáil díot, agus ní thógann sé uair an chloig fiú dul ann i gcarr ó bhailte ceann scríbe eile atá suite ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin – Baile an Bhuinneánaigh taobh ó thuaidh de, Neidín taobh ó dheas de, agus an Daingean agus Cathair Saidhbhín ar an taobh thiar de.
Spraoi don Teaghlach
Tá stór mór saibhear den siamsaíocht teaghlaigh le haimsiú i dTrá Lí, atá ann le scrúdú ar Tralee.ie. I measc na tarraingtí turasóireachta nár cheart fhágáil gan iad a fheiceáil, tá an Aqua Dome, Bogaidh Bhá Thrá Lí, Staidiam Con an Ríocht agus an Playdium, gan ach cuid díobh a lua.
An tSiopadóireacht
Tá raon eicléictiúil de shiopaí le fáil i dTrá Lí. Tá miondíoltóírí mór-cháil le fáil sa phríomh-mheall agus sa Chearnóg, leithéidí Shaws, Carraig Donn agus Penneys, chomh maith le rogha maith de ghnólachtaí agus búitíceanna teaghlaigh. Anuas air sin, tá raon fairsing de pháirceanna miondíoltóra le fáil ar imeall an bhaile.
Tábhairní & Bialanna
Baile Brat Corcra is é Trá Lí, agus bia ardchaighdeáin á thairiscint ag na óstánnaithe, restaurateur agus cócairí ann ar phraghas réasúnta. Is féidir le daoine atá ag lorg rudaí atá fíor iontaofa cultúr na háite a bhlaiseadh i dtábhairní agus pubanna a bhfuil clú domhanda orthy agus ina bhfuil fíorbhlaiseadh den áit le fáil sa cheol traidisiúnta a chastar iontu agus san oideas béil a mbíonn á n-aithris iontu. Is é sin an rud a dhéanann Trá Lí ina cheann scríbe ar leith.
Na hEalaíona & an Cultúr
Tá léargas fiúntach ar chultúr Chiarraí le fáil i Siamsa Tíre, an Amharclann Traidisiúnta Náisiúnta atá lonnaithe i Músaem Contae Chiarraí, suite i Halla Cuimhneacháin an Ághasaigh, Trá Lí. Is féidir féachaint ar chluichí Gaelacha i bPáirc Aibhistín de Staic.
I gCónaí Draíochtúíl

Téann Corca Dhuibhne 30 míle (48 ciliméadar) amach i dtreo an Aigéin Atlantaigh ar chósta thiar theas na hÉireann agus ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin. Tá na Blascaodaí suite amach ó chósta thiar an leithinis seo atá breac le sráidbhailte áille gleoite a bhfuil ómós áite uathúil i ngach aon cheann acu…
‘An áit is áille ar domhan’ - National Geographic
‘Roghnaithe mar cheann de na 100 ceann scríbe is fearr ar domhan’
- Trip Advisor
‘Áit a bhfuil go mór le moladh faoi mar cheann scríbe don gheimhreadh’
- CNN
Láithreán scannánaíochta le haghaidh Star Wars Episode VIII – The Last Jedi, Ryan’s Daughter agus Far and Away…
Caith seal san áit seo atá sáite go tréan sa traidisiún, sa litríocht agus sa chultúr, ait a bhfuil an Ghaeilge (teanga dhúchasach na tíre) faoi bhláth bráid le bráid le teangacha nach bhfuil á labhairt sa dúiche seo chomh fada sin, áit a gcuirfeadh an tslí ina bhfuil an dúlra ag teacht le chéile chomh foirfe sin biseach ar anam an duine, inar féidir leat do shuaimhneas a dhéanamh agus lán do dhá shúil a fháil den radharc os do chomhar amach, nó taitneamh a bhaint as an dúlra, as an ealaín agus grianghrafadóireacht atá le brath ann, as na conairí ceardaíochta, as an gcultúr, an tseandálaíocht, an bia áitiúil, an drioglann cheardaíochta agus na grúdlanna, nó fiú amháin aithne a chur ar mhuintir na háite – tá sé de rogha agat é sin uile a dhéanamh ann!
Téigh ann agus déan aithne ar “mhuintir na háite” sa dúiche seo atá lán de charachtar agus de charachtair! Bain triail as “cúpla focal” Gaeilge na dúiche seo a labhairt, féach ar chluichí Gaelacha, glac páirt i seisiún ceoil traidisiúnta Ghaelaigh nó téigh go dtí ceann de na féilte áitiúla atá ar siúl ó cheann ceann na bliana ann. Agus rogha de shráidbhailte ann – idir shráidbhailte iascaireachta, bhailte aonaigh agus ionaid shaoire cois farraige, tá an dúrud ann le feiceáil, le déanamh agus le haimsiú!
Tá i bhfad níos mó i gceist le Corca Dhuibhne ná díol spéise do thurasóirí… Is ceann scríbe ann féin é!
Tá rud éigin ag an leithinis le tairiscint do gach aon duine – do shiúilóirí & rothaithe – Slí Chorcha Dhuibhne agus cosáin siúil seanda, cúrsaí rothaíochta iontacha, an dhumhach ghailf, conairí marcaíochta capall, gníomhaíochtaí uisce – an tsurfáil, an chadhcáil éicea-thurais bháid, an chlársheoltóireacht, an tumadóireacht, an rámhaíocht, an tseoltóireacht, an tslatiascaireacht, dul ag snámh ar thránna Brat Gorm; spraoi don teaghlach iomlán - uisceadán, feirmeacha peataí, campaí samhraidh; an fholláine agus an suaimhneas; laethanta saoire oideachasúla; imeachtaí spóirt tumtha; imeachtaí le haghaidh díograiseoirí oidhreachta agus geolaíochta; an tsiopadóireacht agus an dúrud anuas air sin uile …
Faigh blaiseadh de Chiarraí Thuaidh duit féin
Ní hamháin go bhfuil radhairc áille i gCiarraí Thuaidh, ach tá daoine iontacha ann freisin, go háirithe i Lios Tuathail, an baile ina mbíonn an Fhéile Liteartha is mó in Éirinn ar siúl; Seachtain na Scríbhneoirí.
Is baile nua-aimseartha é an baile oidhreachta álainn Lios Tuathail, atá lonnaithe cois bhruach Abhainn na Féile agus a bhfuil cearnóg Seoirseach ann, áit í a gcuirtear tús le heachtraí agus scéalta móra agus ina dtaispeántar meas ar dhaoine. Cuirtear fáilte roimh gach aon duine a thugann cuairt ar an áit seo, is cuma más chun bheith ag caint le daoine ag Margadh na bhFeirmeoirí ar mhaidineacha Dé hAoine atá tú ann, nó chun turas beag a thógáil ar an Lartigue Monorail, le haghaidh pionta & scéalta i mBeár John B Keane, nó seisiún ceoil ag Mike the Pies, chun daoine ag breathnú ar Óstán an Listowel Arms, chun bheith ag siopadóireacht sna siopaí éadaí faiseanta i Lios Tuathail, nó fiú chun siúl trí Pháirc Childers agus timpeall Ghairdín na hEorpa. Áit dochreidte iontach amach is amach í, agus ní go dtí go dtéann tú ann ar féidir leat draíocht Lios Tuathail a thuiscint i gceart, draíocht atá fós mar údar spreagtha do scríbhneoirí agus d’ealaíontóirí araon.
Má théann tú ar aghaidh ar feadh 15 nóiméad eile sa charr ó Lios Tuathail, fad Shlí an Atlantaigh Fhiáin ar an gcósta thiar thuaidh, tiocfaidh tú isteach ar an mbaile ionaid saoire cois trá de Bhaile an Bhuinneánaigh gur áit shuaimhneach tearmainn é do chách. Tá dhá thrá ghainmheacha ann agus Brat Gorm Eorpacha bronnta ar an dá cheann acu, chomh maith le haillte iontacha arda. Téigh chun babhta nó dhó gailf a imirt agat ar an gcúrsa a bhfuil cáil dhomhanda air. Nuair atá an ghaoth ard, téigh ag surfáil nó bain triail as an iascaireacht chladaigh ar bhruacha an Chasáin. Más teaghlaigh sibh, tá páirc súgartha nua-aimseartha do leanaí ann, chomh maith leis an ngalf mearaí agus Ionad Sláinte agus Fóillíochta ina bhfuil linnte snámha faoi dhíon, jacuzzi, sauna, seomra gaile agus giomnáisiam úrscothach. Agus chun bailchríoch a chur ar an lá, tá cuid de na bialanna agus tábhairní is breátha sa cheantar le fáil i mBaile an Bhuinneánaigh. Agus tú i do shuí síos duit féin cois tine oscailte ag deireadh lá fada, bain taitneamh as an iliomad port agus scéalta traidisiúnta a n-aistrítear is a chastar amach san oíche. Tá tairiscint éigin ag Baile an Bhuinneánaigh do chuile dhuine.
Baile Contae Chiarraí

Níl Trá Lí, príomhbhaile contae Chiarraí, ach 15 nóiméad sa charr ón aerfort, baile bríomhar beoga fuinniúil atá ann agus é mar an phríomhthairseach i gCiarraí ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin. Is é an Baile Mór Turasóireachta Is Fearr 2015 agus, anuas air sin, is é an príomhbhaile chun teacht ar an ngnó, ar an tsiopadóireacht, ar an oideachas agus ar an tionscadal sa chontae, agus roinnt mhaith cuideachtaí teicneolaíochta idirnáisiúnta lonnaithe ann chomh maith. Tá an áit sáite sa stair mheánaoiseach agus rinneadh ceiliúradh ann le déanaí ar chomóradh 800 bliain ón tráth ar bunaíodh é. Is fearr aithne ar an mbaile mar an áit a n-óstáiltear Féile Idirnáisiúnta Rós Thrá Lí i mí Lúnasa, chuile bhliain.
Trá Lí agus Slí an Atlantaigh Fhiáin Seod ar an sainbhealach turasóireachta cósta is faide ar domhan is é Bá Thrá Lí. Is é Trá Lí an láithreán foirfe duit tú féin a lonnú chun féachaint thart ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin i gCiarraí, agus na muirdhreacha iontacha ann a bhainfeadh an anáil díot, agus ní thógann sé uair an chloig fiú dul ann i gcarr ó bhailte ceann scríbe eile atá suite ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin – Baile an Bhuinneánaigh taobh ó thuaidh de, Neidín taobh ó dheas de, agus an Daingean agus Cathair Saidhbhín ar an taobh thiar de.
Spraoi don Teaghlach
Tá stór mór saibhear den siamsaíocht teaghlaigh le haimsiú i dTrá Lí, atá ann le scrúdú ar Tralee.ie. I measc na tarraingtí turasóireachta nár cheart fhágáil gan iad a fheiceáil, tá an Aqua Dome, Bogaidh Bhá Thrá Lí, Staidiam Con an Ríocht agus an Playdium, gan ach cuid díobh a lua.
An tSiopadóireacht
Tá raon eicléictiúil de shiopaí le fáil i dTrá Lí. Tá miondíoltóírí mór-cháil le fáil sa phríomh-mheall agus sa Chearnóg, leithéidí Shaws, Carraig Donn agus Penneys, chomh maith le rogha maith de ghnólachtaí agus búitíceanna teaghlaigh. Anuas air sin, tá raon fairsing de pháirceanna miondíoltóra le fáil ar imeall an bhaile.
Tábhairní & Bialanna
Baile Brat Corcra is é Trá Lí, agus bia ardchaighdeáin á thairiscint ag na óstánnaithe, restaurateur agus cócairí ann ar phraghas réasúnta. Is féidir le daoine atá ag lorg rudaí atá fíor iontaofa cultúr na háite a bhlaiseadh i dtábhairní agus pubanna a bhfuil clú domhanda orthy agus ina bhfuil fíorbhlaiseadh den áit le fáil sa cheol traidisiúnta a chastar iontu agus san oideas béil a mbíonn á n-aithris iontu. Is é sin an rud a dhéanann Trá Lí ina cheann scríbe ar leith.
Na hEalaíona & an Cultúr
Tá léargas fiúntach ar chultúr Chiarraí le fáil i Siamsa Tíre, an Amharclann Traidisiúnta Náisiúnta atá lonnaithe i Músaem Contae Chiarraí, suite i Halla Cuimhneacháin an Ághasaigh, Trá Lí. Is féidir féachaint ar chluichí Gaelacha i bPáirc Aibhistín de Staic.