Saoráidí & Seirbhísí

Seirbhís do Chustaiméirí

Tá an Deasc Seirbhíse do Chustaiméirí suite sa phríomh-halla agus is féidir cabhair a fháil ann maidir le cúrsaí iompair, le háirithintí ticéad, le cúrsaí cóiríochta agus chun eolas turasóireachta ginearálta a fháil ann chomh maith.

An tseiceáil isteach

Tá an limistéar seiceáil isteach in Aerfort Chiarraí suite sa phríomh-halla. Molaimid dár bpaisinéirí a bheith ag an aerfort idir 60-90 nóiméad roimh don am atá beartaithe lena n-eitilt chun imeacht.

An Siopa Féiríní

Tá an Siopa Féiríní suite sa halla imeachta. Tá raon leathan cumhrán, biotáille, fíonta, fuisce, seacláidí, earraí leathair, seodra, earraí criadóireachta, leabhar, irisí agus go leor bronntanas eile le branda mór le rá le fáil sa siopa. Is iontach an áit í chun féirín a cheannach ag an nóiméad deireanach.

Bureau de Change

Tá an Bureau de Change suite ag an deasc Seirbhíse do Chustaiméirí sa phríomh-halla. Tá rátaí iomaíoch á dtairiscint ann agus is ionann na rátaí coimisiúin a ghearrtar ann, atá léirithe go breá soiléir, agus na rátaí a ghearrtar i mbainc na príomhshráide. Glactar leis na hairgeadraí móra uile sa bhureau de change.

Teileafóin

Tá teileafóin phoiblí suite in áiteanna éagsúla timpeall an aerfoirt.

Leathanbhanda Wi-Fi

Tá Wi-Fi curtha ar fáil ar fud an aerfoirt. Ní gá ach Kerry Airport a roghnú ar do ghléas chun ceangail a dhéanamh leis.

An Bialann & Beár

Tá beár agus bialann atá láncheadúnaithe san Aerfort atá suite sa phríomh-halla. Tá rogha maith leathan de bheoracha, de bhiotáille agus d’fhíonta le fáil sa bheár. Tá rogha iontach de bhéilí teo agus de bhéilí fuara ar fáil araon á tairiscint sa bhialann, chomh maith le sneaiceanna, tae, caife agus deochanna boga.

Carranna ar Cíos

Tá roinnt cuideachtaí carranna ar cíos idirnáisiúnta atá i mbun seirbhíse as Aerfort Chiarraí. Faoi láthair na huaire tá na cuideachtaí carranna ar cíos lonnaithe sa Charrchlós Fadtéarmach.

Tabhair do d’aire: Ba chóir teagmháil dhíreach a dhéanamh leis na cuideachtaí carranna ar cíos, seachas trí phríomh-lasc-chlár Aerfort Chiarraí toisc nach bhfuil na cuideachtaí carranna ar cíos ceangailte le córas teileafóin an aerfoirt.

An Rialú Custaim, Inimirce & Slándála

Tá an rialú inimirce, custaim agus póilíneachta i bhfeidhm le linn na gnáthuaireanta oscailte. Eolas breise >>

Saoráidí Gléasta Leanaí

Tá na saoráidí seo le fáil sa phríomh-halla agus sa Halla Imeachta, in aice leis an Siopa Féiríní.

An Cúnamh Speisialta

Tá Aerfort Chiarraí tiomanta dó go gcuirfear na saoráidí reatha uile atá ann faoi láthair ar fáil ar bhealach ina mbeidh sé chomh héasca agus is go bhfuil sé indéanta go praiticiúil chun freastal ar riachtanais gach aon phaisinéara a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe nó a bhfuil cúnamh speisialta de dhíth orthu, déan teagmháil le hAerfort Chiarraí ar +353 (0)66 976 4644.
Eolas breise >>