Daingean Uí Chúis

I gCónaí Draíochtúíl

Lógó Chorcha Dhuibhne

Téann Corca Dhuibhne 30 míle (48 ciliméadar) amach i dtreo an Aigéin Atlantaigh ar chósta thiar theas na hÉireann agus ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin. Tá na Blascaodaí suite amach ó chósta thiar an leithinis seo atá breac le sráidbhailte áille gleoite a bhfuil ómós áite uathúil i ngach aon cheann acu…

‘An áit is áille ar domhan’ 
- National Geographic

‘Roghnaithe mar cheann de na 100 ceann scríbe is fearr ar domhan’

- Trip Advisor

‘Áit a bhfuil go mór le moladh faoi mar cheann scríbe don gheimhreadh’

- CNN

Láithreán scannánaíochta le haghaidh Star Wars Episode VIII – The Last Jedi, Ryan’s Daughter agus Far and Away

Caith seal san áit seo atá sáite go tréan sa traidisiún, sa litríocht agus sa chultúr, ait a bhfuil an Ghaeilge (teanga dhúchasach na tíre) faoi bhláth bráid le bráid le teangacha nach bhfuil á labhairt sa dúiche seo chomh fada sin, áit a gcuirfeadh an tslí ina bhfuil an dúlra ag teacht le chéile chomh foirfe sin biseach ar anam an duine, inar féidir leat do shuaimhneas a dhéanamh agus lán do dhá shúil a fháil den radharc os do chomhar amach, nó taitneamh a bhaint as an dúlra, as an ealaín agus grianghrafadóireacht atá le brath ann, as na conairí ceardaíochta, as an gcultúr, an tseandálaíocht, an bia áitiúil, an drioglann cheardaíochta agus na grúdlanna, nó fiú amháin aithne a chur ar mhuintir na háite – tá sé de rogha agat é sin uile a dhéanamh ann!

Téigh ann agus déan aithne ar “mhuintir na háite” sa dúiche seo atá lán de charachtar agus de charachtair! Bain triail as “cúpla focal” Gaeilge na dúiche seo a labhairt, féach ar chluichí Gaelacha, glac páirt i seisiún ceoil traidisiúnta Ghaelaigh nó téigh go dtí ceann de na féilte áitiúla atá ar siúl ó cheann ceann na bliana ann. Agus rogha de shráidbhailte ann – idir shráidbhailte iascaireachta, bhailte aonaigh agus ionaid shaoire cois farraige, tá an dúrud ann le feiceáil, le déanamh agus le haimsiú!

Tá i bhfad níos mó i gceist le Corca Dhuibhne ná díol spéise do thurasóirí… Is ceann scríbe ann féin é!

Tá rud éigin ag an leithinis le tairiscint do gach aon duine – do shiúilóirí & rothaithe – Slí Chorcha Dhuibhne agus cosáin siúil seanda, cúrsaí rothaíochta iontacha, an dhumhach ghailf, conairí marcaíochta capall, gníomhaíochtaí uisce – an tsurfáil, an chadhcáil éicea-thurais bháid, an chlársheoltóireacht, an tumadóireacht, an rámhaíocht, an tseoltóireacht, an tslatiascaireacht, dul ag snámh ar thránna Brat Gorm; spraoi don teaghlach iomlán - uisceadán, feirmeacha peataí, campaí samhraidh; an fholláine agus an suaimhneas; laethanta saoire oideachasúla; imeachtaí spóirt tumtha; imeachtaí le haghaidh díograiseoirí oidhreachta agus geolaíochta; an tsiopadóireacht agus an dúrud anuas air sin uile …