Cósta na Scealga

Ar imeall an domhain

Agus tú ag an bpointe is faide siar ar Uíbh Ráthach – leathbhealach timpeall Mhórchuaird Chiarraí a bhfuil cáil dhomhanda uirthi – mothaíonn sé amhail is go bhfuil tú ag seasamh ar imeall na cruinne. Seo Cósta na Scealga.

Amach siar san fharraige, tá dhá sceilg scolbacha – na Scealga – ag briseadh aníos as an Atlantach: An Sceilg Bheag, áit a bhfuil ceann de na coilíneachtaí éanlaithe mara is mó ar domhan ag cur fúthu, agus Sceilg Mhichíl, áit dísirt dochreidte iargúlta, aonair – ceann d’iontais an domhain.

Tá Cósta na Scealga ar fad spreagúil fuinniúil. Ar an mbealach cósta, Lúb na Scealga, téann tú le fána síos lánaí cúnga isteach sa Ghaeltacht agus trí chalaí agus sráidbhailte fíorbheaga. Seans go rachfá ar shiúlóid suas bóithre ailte géara, an ghaoth ag scuabadh trasna thart, go hard os comhair na farraige agus na tonnta thíos fút ag greadadh i gcoinne na n-aillte. Nó go nglacfá siúlóid dheas réidh fad trá ghainmheach leathan. Agus solas óir na gréine ag lonrú anuas ar beanna scobalacha Uíbh Ráthaigh agus Dhaingean Uí Chúis. Scuabann bandaí báistí isteach ón Atlantach sna séidtí agus téann ar aghaidh thart, ag fágáil rian na boghanna báistí is leithne ina ndiaidh.

Is féidir fíoraithne a chur ar na daoine san áit seo. Tá gnólachtaí teaghlaigh beaga ann: tábhairní ina lastar tinte móna agus ina gcastar seisiúin cheoil thraidisiúnta, tithe lóistín leaba is bricfeasta, bialanna a bhfuil seomraí ar fáil iontu, agus táirgí bia áitiúla – idir an tseacláid cheardaí agus chuid den bhia mara is fearr in Éirinn.

Tá éagsúlacht nithe suimiúla ó thaobh na staire le fáil ann freisin, ó na rianta cos teitreapód ar bhruacha Dhairbhre – na loirg choise is sine ar domhan, go dtí an suíomh ar cheangail an chéad Chábla Trasatlantaigh, idir an áit ar rugadh Dónall Ó Chonaill i gCathair Saidhbhín, i bPáirc Náisiúnta Dhoire Fhíonáin, agus cuimhní cinn Charlie Chaplin, ar thaitin go mór leis a shaoire a chaitheamh sa Choireán.

Tá sé thar a bheith éasca a bheith meallta amach ón mbóthar, agus tú féin a chailliúint síos na bóithríní beaga. Ach má théann tú ar strae – ní stró mór é. Beidh tú ag iarraidh fanacht ann, ach tóg go deas réidh é, agus féach thart ar an áit duit féin.