Stair Aerfort Chiarraí

Más rud é go bhfuil suim agat níos mó a léamh faoi Aerfort Chiarraí, féach ar an leabhar Kerry in the Jet Age (Kerry Airport 1969 – 2009) [Ciarraí in Aois an Scairdeitleáin (Aerfort Chiarraí 1969– 2009)] le Donal Hickey. Tá na léaráidí go hálainn ann, agus é maisithe le híomhánna ón gcartlann. Is féidir é a fháil i Siopa Hallaí Imeachta Aerfort Chiarraí.

Rinneadh Aerfort Chiarraí a chorprú mar chuideachta phoiblí theoranta i mí Iúil 1968 agus an príomhchuspóir a bhí aige ná aerfort a thógáil agus a bhainistiú ag an Fhearann Fuar. Tugadh faoi chláir tiomsaithe scairchaipitil éagsúla agus, i dteannta le cúnamh mór a fuarthas ó chomhlachtaí reachtúla éagsúla síos na blianta, d’fhás an t-aerfort ó cheann a raibh rúidbhealach 1,090 méadar x 23 méadar ann a coimisiúnaíodh i 1969 go ceann a raibh rúidbhealach 1,239mx 30m ann gus a coimisiúnaíodh in 1989 é. Osclaíodh rúidbhealach nua eile de 2,000mx 45m i mí na Bealtaine 1994.

Tugadh eitleán chun talamh ag Aerfort Chiarraí den chéad uair ar an 25 Lúnasa agus ba é an Captaen Milo Carr ón Roinn Iompair & Cumhachta a bhí ina phíolóta air. Bhí roinnt mhaith blianta ann nach raibh ann ach aerárthaigh éadroma phríobháideach a bhí ag úsáid an aeradróim, agus an chorr-eitilt lasta nó cairteitilt a bhí ann ó am go chéile, chomh maith leis an paraisiútáil a rinneadh roinnt mhaith ann. Cuireadh tús leis an gcéad sheirbhís sceidealta ann go hoifigiúil i mí Iúil 1979 le haerárthach oileánach a bhí á oibriú le hAer Árann.
Agus iad lán misnigh mar gheall ar an gcuma rathúil atá bainte amach ag aerfoirt réigiúnacha eile in Éirinn, dhréachtaigh an Bord Stiúrthóirí plean forbartha chun an rúidbhealach a shíneadh agus a leathnú amach le bheith 1,200m x 30m agus chun síneadh agus nuachóiriú a chur le Foirgnimh an Chríochfoirt chomh maith le Córas Tuirlingthe le hIonstraimí agus soilsiú oiriúnach a shuiteáil.

Críochnaíodh an rúidbhealach de réir mar a bhí beartaithe leis sa sceideal agus ba eitleán de chuid Aer Lingus as Baile Átha Cliath an chéad eitilt sceidealta ar tugadh chun talamh i gCiarraí an 22 Bealtaine 1989, agus tháinig eitilt Ryanair ó Londain-Luton isteach an lá dár gcionn. Ar an 21 Bealtaine 1993, síníodh an conradh le haghaidh an rúidbhealaigh nua 2,000m x 45m agus an Chríochfoirt Nua, agus ba é an Tánaiste, an tUasal Dick Spring TD, a rinne an “tIompú Fóid” oifigiúil.

Dheonaigh an IAA ceadúnas do rúidbhealach 08/26 an 20 Bealtaine 1994 agus tugadh an chéad eitilt isteach chun talamh ag 13:23 de réir an ama áitiúil ar an 20 Bealtaine. Aerárthach PA28 ó Mhanchain a bhí ann, faoin gcláruimhir G-BLSD, agus C. Gurley a bhí ina phíolóta air. Tháinig an chéad eitilt tráchtála isteach tamall beag ina dhiaidh, eitilt Aer Lingus, Saab 340. EI-CFD an cláruimhir a bhí air agus ba é an Captaen Peter Heinz a bhí ar an stiúir.

Sa lá atá inniu ann tá eitiltí sceidealta díreacha go Baile Átha Cliath, go Londain-Stansted, go Londain-Luton, go Beirlín, agus go Frankfurt-Hahn, agus tá eitiltí go hAlicante & Faro chomh maith, ag brath ar an séasúr atá ann. Chomh maith leis na seirbhísí sceidealta, tá roinnt eitiltí cairteacha á láimhseáil ann, ar bhonn Ad-Hoc, go Lourdes, Fatima agus Medjugorje. Tá an t-aerfort i gcónaí ag lorg bealaí nua a bheidh inbhuanaithe agus a bhainfidh amach leas sóisialta agus eacnamaíoch dóibh siúd atá ina gcónaí i gCiarraí, agus obair agus ag taisteal sa cheantar.

Gailearaí