Téigh i dteagmháil linn
Más rud é go bhfuil suim agat níos mó a léamh faoi Aerfort Chiarraí, féach ar an leabhar Kerry in the Jet Age (Kerry Airport 1969 – 2009) [Ciarraí in Aois an Scairdeitleáin (Aerfort Chiarraí 1969– 2009)] le Donal Hickey. Tá na léaráidí go hálainn ann, agus é maisithe le híomhánna ón gcartlann. Is féidir é a fháil i Siopa Hallaí Imeachta Aerfort Chiarraí.
Rinneadh Aerfort Chiarraí a chorprú mar chuideachta phoiblí theoranta i mí Iúil 1968 agus an príomhchuspóir a bhí aige ná aerfort a thógáil agus a bhainistiú ag an Fhearann Fuar. Tugadh faoi chláir tiomsaithe scairchaipitil éagsúla agus, i dteannta le cúnamh mór a fuarthas ó chomhlachtaí reachtúla éagsúla síos na blianta, d’fhás an t-aerfort ó cheann a raibh rúidbhealach 1,090 méadar x 23 méadar ann a coimisiúnaíodh i 1969 go ceann a raibh rúidbhealach 1,239mx 30m ann gus a coimisiúnaíodh in 1989 é. Osclaíodh rúidbhealach nua eile de 2,000mx 45m i mí na Bealtaine 1994.
Tugadh eitleán chun talamh ag Aerfort Chiarraí den chéad uair ar an 25 Lúnasa agus ba é an Captaen Milo Carr ón Roinn Iompair & Cumhachta a bhí ina phíolóta air. Bhí roinnt mhaith blianta ann nach raibh ann ach aerárthaigh éadroma phríobháideach a bhí ag úsáid an aeradróim, agus an chorr-eitilt lasta nó cairteitilt a bhí ann ó am go chéile, chomh maith leis an paraisiútáil a rinneadh roinnt mhaith ann. Cuireadh tús leis an gcéad sheirbhís sceidealta ann go hoifigiúil i mí Iúil 1979 le haerárthach oileánach a bhí á oibriú le hAer Árann.
Agus iad lán misnigh mar gheall ar an gcuma rathúil atá bainte amach ag aerfoirt réigiúnacha eile in Éirinn, dhréachtaigh an Bord Stiúrthóirí plean forbartha chun an rúidbhealach a shíneadh agus a leathnú amach le bheith 1,200m x 30m agus chun síneadh agus nuachóiriú a chur le Foirgnimh an Chríochfoirt chomh maith le Córas Tuirlingthe le hIonstraimí agus soilsiú oiriúnach a shuiteáil.
Críochnaíodh an rúidbhealach de réir mar a bhí beartaithe leis sa sceideal agus ba eitleán de chuid Aer Lingus as Baile Átha Cliath an chéad eitilt sceidealta ar tugadh chun talamh i gCiarraí an 22 Bealtaine 1989, agus tháinig eitilt Ryanair ó Londain-Luton isteach an lá dár gcionn. Ar an 21 Bealtaine 1993, síníodh an conradh le haghaidh an rúidbhealaigh nua 2,000m x 45m agus an Chríochfoirt Nua, agus ba é an Tánaiste, an tUasal Dick Spring TD, a rinne an “tIompú Fóid” oifigiúil.
Dheonaigh an IAA ceadúnas do rúidbhealach 08/26 an 20 Bealtaine 1994 agus tugadh an chéad eitilt isteach chun talamh ag 13:23 de réir an ama áitiúil ar an 20 Bealtaine. Aerárthach PA28 ó Mhanchain a bhí ann, faoin gcláruimhir G-BLSD, agus C. Gurley a bhí ina phíolóta air. Tháinig an chéad eitilt tráchtála isteach tamall beag ina dhiaidh, eitilt Aer Lingus, Saab 340. EI-CFD an cláruimhir a bhí air agus ba é an Captaen Peter Heinz a bhí ar an stiúir.
Sa lá atá inniu ann tá eitiltí sceidealta díreacha go Baile Átha Cliath, go Londain-Stansted, go Londain-Luton, go Beirlín, agus go Frankfurt-Hahn, agus tá eitiltí go hAlicante & Faro chomh maith, ag brath ar an séasúr atá ann. Chomh maith leis na seirbhísí sceidealta, tá roinnt eitiltí cairteacha á láimhseáil ann, ar bhonn Ad-Hoc, go Lourdes, Fatima agus Medjugorje. Tá an t-aerfort i gcónaí ag lorg bealaí nua a bheidh inbhuanaithe agus a bhainfidh amach leas sóisialta agus eacnamaíoch dóibh siúd atá ina gcónaí i gCiarraí, agus obair agus ag taisteal sa cheantar.
Muirir Aerfort Chiarraí
lCiceáil ar an nasc ag seo thíos chun an PDF a íoslódáil.
1. Táillí & Muirir an Aerfoirt
2. Muirir um Oibríochtaí & Atreoruithe Cairte
Uaireanta oibriúcháin
Féach na NOTAMS reatha, mura miste
Iarrataí ar an láimhseáil
Ba chóir iarrataí a chur isteach i ríomhphost chuig: info@kerryairport.ie nó SITA: KIRAPXH
Iarratas ar áiseanna oiliúna eitleoireachta
Baill teo in Aerfort Chiarraí
Sonraí Teicniúla an Aeradróim
Tír
Éire
IATA
KIR
IACO ID
EIKY
Cineál Aerfoirt
Sibhialta
Cuideachta Oibriúcháin
Aerfort Chiarraí cpt
Cuideachta Láimhseála
Aerfort Chiarraí cpt
Minicíocht
Túr 123.325 MHz
Talamh 121.6 MHz
ATIS 118.025 MHz
Pointe Tagartha an Aeradróim
52.1052 Thuaidh
09.3125 Iarthar
Airde
112 TROITH ASL
Teocht Tagartha
18.6 (Iúil)
Difríocht Mhaighnéadach
06 39 W (2004)
11 Ag Laghdú
Rúidbheacadh
26/08
Toisí
2,000 méadar x 45 méadar Dromchla Asfalt
PCN
44 / F / C / W / T
PAPI
Rúidbhealach 08 Grádán Fána 3 Chéim / Rúidbhealach 26 Grádán Fána 3 Chéim
Bealach Isteach
RWY 08
1. NDB / DME
RWY 26
1. ILS / NDB / DME
2. NDB / DME
3. LLZ / NDB / DME
ILS
CAT 1
Clúdach Dóiteáin
CAT 4 (CAT 7 Ar fáil le Réamhfhógra 24UAIR do Fhoireann Riaracháin an Aeradróim tríd an bpríomh-lasc-chlár)
Met Éireann
Méadair agus faisnéis aimsire ar fáil le linn uaireanta oscailte ó ATC.
Réamhaisnéisí ar fáil ó Met Éireann, Sionainn
Sonraí Teagmhála an ATC
Teileafón Díreach: + 353 66 9764794
Facs Díreach: + 353 66 9764988
Ríomhphost: atc@kerryairport.ie
Seirbhísí Láimhseála
An Láimhseáil d’Eitiltí Sceidealta
Ag seo a leanas na seirbhísí a chuirimid ar fáil do gach aerlíne sceidealta atá i mbun seirbhíse in Aerfort Chiarraí:
- Áirithintí
- An tseiceáil isteach
- An Bhordáil
- Ambilift
- An Láimhseáil Aerárthach
- Caidreamh & Cúnamh
- Athbhreoslú (Avgas & Jet A1)
- Faisnéisithe Aimsire
- Céimeanna Aerárthaí
- An Dí-Oighriú
An Láimseáil d’Eitiltí Cairte
Seo roinnt de na príomhsheirbhísí a chuirimid ar fáil, gan ach cúpla a lua:
- An tSeiceáil Isteach san Aerfort
- Bordáil an Aerárthaigh
- Cead a Shocrú chun Teacht Chun Talamh
- Leithdháileadh na mBánna
- Céimeanna Aerárthaí
- Cúnamh leis an Rialú Custaim & Inimirce
- Caidreamh, Fáilte & Cúnamh
- An Lónadóireacht
- Cúnamh le Bagáiste Paisinéirí
- Comharthaí Corparáideacha le bheith curtha anuas ar fud an Aerfoirt De Réir Mar Is Gá
- An Pháirceáil Tiomnaithe de Bhusanna in aice le príomh-chríochfort an aerfoirt Ag Aerfort Chiarraí
Tá an fhoireann thiomanta atá againn ardoilte agus dírithe air go mbeidh gach rud níos fearr ná mar a bhí tú ag súil leis agus go mbeidh an t-eispéireas taistil a bheidh agat chomh taitneamhach agus chomh éasca agus is féidir, ionas gur féidir leat siúl isteach agus imeacht san eitleán gan aon stró.
An Láimhseáil d’Eitiltí Feidhmiúcháin
Tá an-tóir ar Aerfort Chiarraí i measc an lucht Taistil Gnó Feidhmeannaigh Cuirimid gach uile Sheirbhís Láimhseála Talún agus Custaiméara ar fáil do na scairdeanna gnó agus corparáideacha atá i mbun seirbhíse in Aerfort Chiarraí. Tuigimid go dteastaíonn aga slánúchain gearr agus seirbhís ghairmiúil ó gach uile oibreoir aerárthaí, i gcónaí, agus cuirimid na seirbhísí seo ar fáil ar bhealach atá sábháilte, poncúil, gairmiúil agus iontaofa.
Ag seo a leanas, na príomhsheirbhísí a chuirimid ar fáil:
- Cead a Shocrú chun Teacht Chun Talamh
- Leithdháileadh na mBánna
- Cúnamh leis an Rialú Custaim & Inimirce
- An tAthbhreoslú Scairde le A1 & Avgas
- An Phleanáil Eitilte (Socruithe maidir le Sliotáin san áireamh)
- An Faisnéisiú Aimsire
- An Criú Cúirtéise agus Iompar Paisinéirí go dtí na hAerárthaí agus ar ais uathu
- Iompar an Criú go dtí an tÓstán agus ar ais uaidh a Shocrú
- An Lónadóireacht
- Cóiríocht don Criú Ag Rátaí Fabhrach i Rogha d’Óstáin 3 Réalta nó 5 Réalta
- Láimhseáil Paisinéirí, Cúnamh le Bagáiste, Iompar agus Cóiríocht, más gá
Mar aon leis na socruithe taistil go léir, is féidir le pleananna a athrú ag an nóiméad deireanach, i gcás paisinéirí agus an fhoireann eitilte araon. Chun freastal ar na hathruithe seo a tharlaíonn ag an nóiméad deireanach, tá sé mar aidhm againn a bheith solúbtha agus cabhrú le paisinéirí agus le foirne maidir le haon socruithe malartacha atá le déanamh acu.
In Aerfort Chiarraí táimid tiomanta do bhealaí a fhorbairt go leanúnach, chun rochtain dhíreach ar Chiarraí a chruthú ó gach chearn den domhan. Gabhadh fáilte roimh 171,140 paisinéir in Aerfort Chiarraí le linn na chéad sé mhí de 2019, agus is ionann sin agus fás 2% in aghaidh na tréimhse chéile in 2018. Agus rochtain ar Aerfort Bhaile Átha Cliath curtha ar fáil chuile lá le seirbhísí de chuid Aer Lingus Réigiúnach, is féidir le paisinéirí ceangail a fhail ar eitiltí a théann go cinn scríbe ar fud an domhain ó Aerfort Chiarraí.
Tá Aerfort Chiarraí suite in Iardheisceart na hÉireann, an ceantar is mó a thugtar cuairt air i ndiaidh Bhaile Átha Cliath (an phríomhchathair), agus 26% de líon iomlán na gcuairteoirí a thagann go hÉirinn tarraingthe go Ciarraí, mar atá luaite ag Fáilte Éireann, i gcomparáid le 37% díobh a théann go Baile Átha Cliath. Mar sin féin, deirtear go forleathan nach gcaitheann a lán de na cuairteoirí siúd ach seal fíorghearr i mBaile Átha Cliath.
Tá Ciarraí chun tús cadhnaíochta ó thaobh chúrsaí turasóireachta de agus 1.3 milliún cuairteoirí ann ó thíortha eachtracha a chaith €337 milliún sa chontae in 2017, bliain inar cuir 14% de líon iomlán na dturasóirí eachtracha a tháinig go hÉirinn cuairt ar Chiarraí. San am i láthair, fanann 27% de na cuairteoirí ón Ríocht Aontaithe i réigiún an Iardheiscirt. In 2017, thug 32% den líon daoine ón Fhrainc a tháinig go hÉirinn cuairt ar Chiarraí, agus sa bhliain chéanna thug 27% de na cuairteoirí a tháinig ón Iodáil ar cuairt ar an gcontae (foinse – Turasóireacht Éireann).
Cén fáth go bhfuil Aerfort Chiarraí ann?
Is é Ciarraí an ceann scríbe turasóireachta is mó tóir in Éirinn, agus breis is 1.3 milliún cuairteoir ag dul ann chuile bhliain.
Tá an meon aigne an-dearfach atá againne in Aerfort Chiarraí gur “féidir linn” uathúil agus tá na páirtithe leasmhara atá againn tar éis cur go mór leis an gcomhpháirtíocht chun an gnó a mhealladh agus a dhaingniú, chun fáilte bhreá chroíúil a chur roimh na cuairteoirí agus chun dul i gcion go mór orthu agus iad ag teacht isteach sa cheantar seo den tír atá fíor-speisialta.
Beidh an fhoireann speisialaithe atá againn ag obair díreach i gcuideachta libh i dtaca le hiomlán na margaíochta comhoibríche chun dul i bhfeidhm ar slua maith daoine in Éirinn, agus ar lucht na margaíochta cinn scríbe i dtíortha eachtracha chomh maith.
Is iontach an laithreán againn agus sinn lonnaithe ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin agus nithe is díol spéise do chuairteoirí atá aitheanta ar fud an domhain lena bhfreastalaítear ar dúil an Lucht atá Fiosrach faoin gCultúr, agus an Lucht a bhíonn ag Iarraidh an Eachtraíocht Mhór chomh maith leis an Lucht a bhíonn ag Iarraidh an Fhuinnimh Shóísialta.
Teagmháil
Teagmháil:
John Mulhern, P.O.F., Aerfort Chiarraí
Ríomhphost: john.mulhern@kerryairport.ie
Teileafón: +353 66 9764644
Kerry Executive Handling
Is é Kerry Executive Handling an t-aon ghníomhaire láimhseála feidhmiúcháin amháin atá i mbun seirbhíse in Aerfort Chiarraí – aerfort réigiúnach in iardheisceart na hÉireann. Tá aerfort Chiarraí suite i gcroílár chontae Chiarraí i bhfoisceacht urchar cloiche do na nithe is díol spéise do thurasóirí agus do na bailte uile sa chontae. Le seirbhís Kerry Executive Handling, déantar lánchinnte de gur seirbhís ghairmiúil a bhfaigheann gach uile chliant a úsáideann ár gcuid seirbhísí.
Cad chuige ar bunaíodh Kerry Executive Handling?
• Bhí breis is 3,600 ghluaiseacht Aerárthaigh Príobháidigh, Scairdeitleáin Chorparáidigh agus Héileacaptair againn san aerfort in 2018.
• Rúidbhealach 2,000 méadar x 45 méadar a fhágann go bhfuilimid in ann freastal ar na scairdeitleáin is ard-ghradamaí.
• Oibrímid i gcomhar le go leor soláthraithe breosla agus seirbhísí eitlíochta domhanda.
• Oibrímid i gcomhar le cuid de na cuideachtaí láimhseála is mó ar domhan.
• Déantar freastal ar aistrithe héileacaptair, ach iad a iarraidh.
• Jet A1 agus Avgas ar fáil.


Seirbhísí Paisinéirí
- Tolglann Feidhmiúcháin
- Fáilte agus Beannacht (ach é a iarraidh)
- An Láimhseáil do Dhaoine Mór Le Rá
- Rampa Do Dhaoine Mór Le Rá A Iompar
- Cúnamh Leis an Rialú Custaim agus Inimirce
- Óstáin A Chur In Áirithe
- Carranna ar Cíos Príobháideacha A Chur In Áirithe
- Socrúcháin Tacsaí & Socrúcháin Iompair Do Dhaoine Mór Le Rá
- An Lónadóireacht Le hAghaidh Daoine Mór Le Rá
- Irisleabhair agus Nuachtáin
Seirbhísí Criú
- Tolglann Chriú
- Fáilte agus Beannacht (ach é a iarraidh)
- An Láimhseáil do Dhaoine Mór Le Rá
- Rampa Do Dhaoine Mór Le Rá A Iompar
- Cúnamh Leis an Rialú Custaim agus Inimirce
- An Aimsir agus NOTAM
- Pleananna Eitilte agus Cáipéisí Eitilte
- Óstáin A Chur In Áirithe – Rátaí Ar Leith Don Chriú Ar Fáil
- An Lónadóireacht Le hAghaidh Daoine Mór Le Rá
- Nuachtáin agus Irisleabhair
- Seirbhís Tirimghlanta
- Carranna ar Cíos A Chur In Áirithe
- Tae/Caife
Seirbhísí Aerfoirt
- Athbhreoslú JET A1
- Páirceáil Aerárthaigh Fhadtéarmach
- Staighre Aeir
- Aonad Airstart
- Lódaire Straipe
- An dí-oighriú
- Seirbhís Leithris
- Feithiclí Cúirtéise Feidhmiúcháin
- Uisce Inólta
- Seirbhís Uisce
- Barra tarraingthe (sonraigh an cineál)
- Níochán Mias
- Pleanáil Eitilte
- Seirbhís Héileapad
- GPU
- An Lónadóireacht
- Seirbhís Níocháin
- Oighear
- Seirbhís Pleanála Aimsire
- Haingear Thar Oíche (ag brath ar an soláthar)
- An Láimhseáil do Dhaoine Mór Le Rá/do Chinn Stáit
- Cathaoireacha Rothaí
- Ardaitheoir cathaoireacha rothaí / Ambi-Lift


