Aerfort Chiarraí ag ceiliúradh Comóradh 50 Bliain den Taisteal Idirnáisiúnta Aeir go dtí cósta Atlantach Fiáin Chiarraí

Comóradh 50 Bliain Aerfort Chiarraí

POF Aerfort Chiarraí, John Mulhern, lán mórtais agus é ag seoladh brandáil nua agus láithreán Aerfort Chiarraí.

I MEASC na pleananna príomhacha atá ag Aerfort Chiarraí chun ceiliúradh a dhéanamh ar chomóradh 50 bliain a bhunaithe, tá seacht eitilt deimhnithe le bheith curtha i bhfeidhm in 2020, láithreán gréasáin nua-aimseartha agus comhpháirtí carthanachta nua chun lámh chuidiúil a síneadh amach chun níos mó pobail atá lonnaithe i ngach cearn den Ríocht.

Ba é an tAire Iompair agus Cumhachta, mar a bhí sé ag an am, Brian Lenihan TD, a d’oscail Aerfort Chiarraí Dé Sathairn, an 30 Lúnasa 1969, agus anois, 50 bliain ina dhiaidh, tá an fhís a bhí ag na bunaitheoirí curtha i gcrích, fís atá le brath san aerfort rathúil seo a bhfuil an oiread sin urraim ag daoine air.

Leathchéad bliain i ndiaidh na hócáide stairiúla sin, beidh sé ar chúis mhór áthas do phaisinéirí an lá atá inniu ann a fháil amach go leanfar le Ryanair freastal ar Chiarraí agus eitiltí curtha ar fáil acu in 2020 chun Beirlín agus Frankfurt Hahn sa Ghearmáin, chun Luton agus Stansted atá gar le Londain san RA agus, chun an lucht bolg le gréin a shásamh, chun Alicante agus Faro.

Is mór an t-am a shábháiltear mar gheall ar an turas gearr 50 nóiméad ó Chiarraí go Baile Átha Cliath do ghnólachtaí cruógacha lonnaithe i gCiarraí a dteastaíonn rochtain uathu go Baile Átha Cliath agus ar aghaidh uaidh siúd chuig cinn scríbe sna Stáit Aontaithe, sa Mheánoirthear agus san Astráil. Tá méadú le brath ar an líon turasóirí atá ag teacht díreach go dtí an Ríocht ó Mheiriceá mar gheall ar an gceangail deas éasca a dhéantar leis na heitiltí de chuid Aer Lingus ó Mheiriceá go Ciarraí trí Bhaile Átha Cliath.

Dúirt POF Aerfort Chiarraí, John Mulhern: “Sa tréimhse 12 mhí atá amach romhainn, agus muidne in Aerfort Chiarraí i mbun Chomóradh 50 bliain dá bhunú a cheiliúradh, beimid ag tabhairt urraim do na héachtaí móra ar baineadh amach go dtí seo agus déanfaimid cinnte de go leanfar ar aghaidh leis an méid a chuireann an t-aerfort le muintir Chiarraí agus leis an réigiún i gcoitinne. Tá an t-aerfort seo againne lonnaithe ar Chósta Fiáin Atlantaigh Chiarraí – an áit is breátha in Éirinn, áit a bhfuil acmhainneacht dochreidte ann agus atá chomh draíochtach sin nach mbeidh riamh dúshlán ann chun eitiltí lán paisinéirí ó gach cearn den Mhór-roinn Eorpach a tharraingt ann go buan seasta.”

Comóradh 50 Bliain Aerfort Chiarraí

Beidh an láithreán nua-athchóirithe a bheidh éasca le húsáid ar cheann de na forbairtí móra lárnacha eile a mbeifear ag tabhairt isteach amach anseo. Beidh sé de thairbhe do na paisinéirí siúd a bheidh ag dul go Ciarraí agus ag imeacht as arís, agus leis an earnáil fáilteachais sa chontae chomh maith.

Tá tionchar ag an lorg geilleagrach atá ag Aerfort Chiarraí ar na cineálacha post agus ar an méid tuilleamh atá ag na daoine atá fostaithe san aerfort é féin, sna seirbhísí tacaíochta ar an láithreán agus sa slabhra soláthair atá gaolmhar leis chomh maith. Cuireann Aerfort Chiarraí timpeall €9.5 milliún leis an ngeilleagar áitiúil gach uile bhliain.

Ar an láithreán gréasáin, a bhfuiltear tar éis athchóiriú ó bhonn a dhéanamh air, tá léargas sruthlínte de Chiarraí curtha ar fáil don chuairteoir mar cheann scríbe agus mar thairseach a bhfuil teacht ar go héasca. Tá amchlár i bhformáid atá eásca-le-léamh le fáil ann chomh maith agus faisnéis bheo bhunriachtanach faoi eitiltí air a dhéantar a nuashonrú go rialta.

Ní fhéadfadh Aerfort Chiarraí a bheith suite in áit níos fearr más mian leat taisteal chun gnó a dhéanamh nó ar mhaithe le cúrsaí pléisiúrtha, agus eitiltí díreacha ar fáil chuig seacht gcinn scríbe lena n-áirítear: Londain-Stansted, Londain-Luton, Frankfurt-Hahn, Beirlín, Alicante & Faro le Ryanair agus go Baile Átha Cliath le Aer Lingus Regional. Tá go leor páirceála ar fáil ar margadh iontach ag Aerfort Chiarraí, agus seirbhís lách muinteartha le fáil ann, leis.