An ceann scríbe saoire is fearr, ar an iomlán

Eitiltí díreacha ó Chiarraí go Faro

Tá an Algarve suite i réigiún theas na Portaingéile Mór-roinne agus is ceann scríbe turasóireachta é do na daoine sin atá ar tóir na gréine, na farraige agus na surfála. Tá na tránna mar a bheadh le brath ar chárta poist, neadaithe isteach i gcósta millteanach agus an ghaineamh órga orthu agus uisce na farraige ag glioscarnach.

Ní tús deireadh shaoire san Algarve é an tírdhreach ann, áfach, agus ní fada go dtiocfaidh tú ar raon leathan fairsing de ghníomhaíochtaí atá le déanamh ann, idir chúrsaí gailf craobhchomórtais, deiseanna tumadóireachta agus an tsiamsaíocht oíche bheomhar. Seod faoi cheilt is í príomhchathair an Algarve, Faro, chomh maith, mar go leanann go leor turasóirí ar aghaidh chun na hionaid turasóireachta atá amach uaithi ar imeall an réigiúin, gan blaiseadh a fháil den fháilte atá le fáil ann.

Tá Faro gan mhilleadh dá bharr, agus stair agus cultúr saibhir ann réidh duit chun scrúdú a dhéanamh air. Cathair dhlúth atá inti, atá éasca siúl timpeall uirthi, agus fágann sé sin gur áit iontach í dóibh siúd a bhfuil fonn orthu sciuird chathrach a ghlacadh sula dtéann siad ar aghaidh chun tránna an Algarve.

EAN FEA MÁR AIB BEA MEI IÚIL LÚN MF DF SAM NOL
Cén saghas aimsire
a bhíonn ann?
Bunaithe ar
shonraí ó Holiday Weather
12°C 13°C 15°C 16°C 18°C 21°C 24°C 24°C 23°C 19°C 16°C 14°C
Meánlíon na laethanta báistí 10 8 7 8 7 2 1 1 4 10 9 12