Spraoi agus Maorgacht cois na habhann
Eitiltí díreacha ó Chiarraí go Londain-Luton & London-Stansted
Tá rud le tairiscint ag Londain, atá ar cheann de na cathracha is mó a thugtar cuairt air ar domhan, do chách: ón stair agus an cultúr go bia breá agus an drabhlás.
Tá seaniarsmaí iontach saibhre ó na caoinaoiseanna le brath chuile áit i Londain, cathair atá sáite in oidhreacht stairiúil. Is mar chlocha míle millteanacha iad foirgnimh na cathrach i scéal uathúil na cathrach seo, agus cuid mhór acu – Túr Londain, Mainistir Westminster, Big Ben – ina sainchomharthaí tíre chomh maith, atá inaitheanta ar an mbomaite. Tá a seacht sá dá nuálaíocht ann (The Shard, an Tate Modern, an Sky Garden) chun fuinneamh a chur san aer, ach ní mhúchtar riamh sean-scéal na cathrach seanbhunaithe seo dá bharr.
Is mar nuálaí na healaíne agus an chultúir gan staonadh í an chathair seo, agus is áit í Londain atá lán de smaointe agus den samhlaíocht. Daoine a bhí in ann smaoineamh as an nua ab ea muintir Londain ariamh (agus léirmheastóirí leis), ach ní rófhada ó shin a bhí sé go raibh na daoine ann amhrasach faoi aon rud a mheas siad a bheith avant-garde.
EAN | FEA | MÁR | AIB | BEA | MEI | IÚIL | LÚN | MF | DF | SAM | NOL | |
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Cén saghas aimsire a bhíonn ann? |
||||||||||||
Bunaithe ar shonraí ó Holiday Weather |
5°C | 7°C | 9°C | 11°C | 14°C | 16°C | 19°C | 19°C | 17°C | 13°C | 10°C | 7°C |
Meánlíon na laethanta báistí | 19 | 16 | 16 | 16 | 15 | 13 | 14 | 13 | 15 | 15 | 17 | 17 |