Cathair na Saoirse

Eitiltí díreacha ó Chiarraí go Beirlín Schönefeld

Is í Beirlín príomhchathair na Gearmáine agus is áit í chomh maith a ndéantar sárthaispeántas cultúrtha ar an ealaín, ar an stair agus ar an gcócaireacht Ní féidir gan a admháil gur áit ar leith atá ann, áit a gcuirtear fáilte roimh thurasóirí ó cheann ceann na bliana chun blaiseadh a fhail ar an tréith bhríomhar bheomar atá ann chomh maith leis an saol iontach cultúrtha atá ann.

Tá an aimsir atá imithe siar le brath chuile áit i mBeirlín, agus Balla Bheirlín fós ina sheasamh in áiteanna ar fud na cathrach. Más ag iarraidh greim níos fearr a fháil ar an stair, tá raon de mhúsaeim den chéad ghrád domhanda suite ar Oileán na Músaem.

Tá rud eile nua le foghlaim an t-am ar fad agus tú i mBeirlín, agus is cuma más chun teacht ar thuiscint níos fearr ar an stair atá tú ann, nó chun blaiseadh a fháil dá saol oíche fuinniúil, beidh tú i gcónaí in ann an rud atá á iarraidh agat a aimsiú ann. Fiú más rud é nach bhfuil á iarraidh agat ach currywurst, bia as a bhfuil móraitheantas ar an gcathair seo mar gheall air!

Téann eitiltí ann ó Chiarraí ar an Céadaoin agus ar an Domhnach chuile sheachtain mar chuid de sceideal an tSamhraidh 2019 atá againn.

EAN FEA MÁR AIB BEA MEI IÚIL LÚN MF DF SAM NOL
Cén saghas aimsire
a bhíonn ann?
Bunaithe ar
shonraí ó Holiday Weather
-1°C 1°C 4°C 9°C 14°C 17°C 18°C 18°C 15°C 10°C 5°C 1°C
Meánlíon na laethanta báistí 15 12 13 13 14 14 14 13 13 12 15 16