Cathair Bhreá Bhaile Átha Cliath

Eitiltí díreacha ó Chiarraí go Baile Átha Cliath ó Chiarraí

Gheobhaidh tú fáilte bhreá chroíúil sa phríomhchathair seo, a dtugann muintir na háite ‘Dublin’s fair city’ [nó ‘cathair bhreá Bhaile Átha Cliath’] uirthi. Tá an dúrud taitneamhach le déanamh ann, d’fhéadfá oícheanta speisialta a chaitheamh i gceann den iliomad tábhairne nó seal ag féachaint thart ar an oidhreacht shaibhir atá fágtha ann ag na treibheanna Lochlannacha agus Ceilteacha i bhfad ó shin.

Beidh sé deacair gan aird a thabhairt don stair a bhaineann leis an áit, agus tá an chathair ag cur thar maoil leis an oidhreacht, idir na hard-eaglais ghalánta ón 18ú haois, caisleán ó na meán-aoiseanna agus na foirgneamh iontacha ón ré Sheoirseach atá ann. Chun níos mó a fhoghlaim faoi Bhaile Átha Cliath, cuir áit in áirithe ar thuras siúil nó tabhair cuairt ar cheann den líon fada músaem atá ann.

Nuair atá do dhóthain go binn de radhairc na cathrach agat, bain taitneamh as pionta breá úr Guinness agus béile bhlasta bacstaí.

Bíonn na heitiltí ag imeacht 7 lá in aghaidh na seachtaine mar chuid de sceideal Shamhraidh 2019.

EAN FEA MÁR AIB BEA MEI IÚIL LÚN MF DF SAM NOL
Cén saghas aimsire
a bhíonn ann?
Bunaithe ar
shonraí ó Holiday Weather
5°C 5°C 7°C 8°C 11°C 14°C 16°C 16°C 14°C 11°C 8°C 7°C
Meánlíon na laethanta báistí 24 22 24 22 20 21 23 23 21 24 24 23
Close Menu