Tabhair turas thart ar na tránna is breátha sa Spáinn

Eitiltí díreacha ó Chiarraí go hAlicante

Tá Alicante neadaithe isteach sna cnoic agus sléibhte tuaisceartacha, rud a fhágann go maireann an aeráid Mheánmhara atá ann agus gur beag an méid báistí a bhíonn ann
ó cheann ceann na bliana. Geall cinnte go gcuirfeadh an áit gliondar ar do chroí agus tú ann ar shaoire, a bhuí sin leis an aimsir bhreá the atá ann sa samhradh agus an aimsir dheas shéimh ata ann sa gheimhreadh.

Cé go bhfuil an-tóir go deo air mar cheann scríbe turasóireachta, tá i bhfad níos mó i gceist le hAlicante seachas amháin na clubanna oíche agus tráthanna den chéad scoth atá ann. Áit í atá faoi bhláth ó thaobh an chultúir de, agus rogha fairsing
de mhúsaeim, d’fhéilte, agus fiú de cheantair dhúlra ann atá i bhfoisceacht urchar cloiche duit.

É sin ráite, ba cheart duit blaiseadh a fháil de chuid de shiamsaíocht oíche na Spáinne a bhfuil cháil mhór uirthi sa seanbhaile El Barrio, geall cinnte go mbeidh oíche iontach ar leith agat.

Fágann eitiltí ó Aerfort Chiarraí ar an Luan agus ar an Aoine chuile sheachtain mar chuid de sceideal an tSamhraidh 2019 atá againn.

EAN FEA MÁR AIB BEA MEI IÚIL LÚN MF DF SAM NOL
Cén saghas aimsire
a bhíonn ann?
Bunaithe ar
shonraí ó Holiday Weather
12°C 13°C 15°C 16°C 18°C 23°C 25°C 26°C 24°C 20°C 16°C 13°C
Meánlíon na laethanta báistí 8 6 7 7 7 4 2 3 7 8 7 8