Tá sé fógartha ag Aerfort Chiarraí gurb é Pieta House an Charthanacht Comhpháirtíochta aige don bhliain 2020

Tugann Aerfort Chiarraí tacaíocht do Pieta House

Tá Aerfort Chiarraí tar éis fógra a thabhairt faoin gcomhpháirtíocht atá cruthaithe aige le Pieta House don bhliain 2020.

Tá P.O.F. Aerfort Chiarraí, John Mulhern, tar éis fógairt go mbeidh Aerfort Chiarraí agus Pieta House ag obair as lámha a chéile in 2020.

“Tugtar tús áite do leas na bpaisinéirí san aerfort seo, agus nuair a bhíonn tú sáite go huile is go hiomlán ó lá go lá i riachtanais turasóirí atá ag baint taitnimh as an gcontae álainn s’againne, tá sé éasca go leor dearmad a dhéanamh orthu siúd, gur fir iad roinnt mhaith díobh, agus feirmeoirí, chomh maith, a bhíonn ag streachailt chun gnóthais bheaga a oibriú, a bhíonn ag tabhairt aghaidh ar fhadhbanna meabhairshláinte atá acu gan tacaíocht a fháil, agus iad ag éirí a bheith imeallach agus scoite amach níos mó is níos mó de réir a chéile i dtuaithe na hÉireann. Agus an cinneadh atá déanta againn Teach Pieta a roghnú mar ár gcomhpháirtí carthanais don bhliain 2020, táimid in Aerfort Chiarraí tar éis comhpháirt a ghlacadh le eagraíocht eile atá chomh buartha sin is atáimid féin faoin tslí ina bhfuil muintir thuaithe na hÉireann ag éirí níos scoite amach agus níos imeallaí de réir a chéile, agus na againn in Aerfort Chiarraí tar éis a bheith ag plé go cothrom le heagraíocht maidir leis an imeallú méadaithe seo ar Éirinn tuaithe agus an dlús daonra ag aistriú gan staonadh ó cheantair thuaithe go hionaid uirbeacha. Tá foireann dhíograis thiomnaithe ag Pieta House atá ag obair i gCiarraí chun tacú le daoine agus le pobail atá i ngéarchéim trí sheirbhísí gairmiúla inrochtana, a sholáthar dóibhsean go léir a bhféadfadh an fhéinmharú tionchar a bheith aige ar a shaol,” a dúirt sé.

Agus í ag caint faoin gcomhpháirtíocht atá ann idir Pieta House agus Aerfort Chiarraí, dúirt Elaine Austin, an POF ar Pieta House: “Is mór an phribhléid dúinn a bheith mar chuid den fhís atá ag Aerfort Chiarraí agus den chéad chéim eile chun tosaigh dó san iarracht atá á dhéanamh ann tacú le daoine agus le pobail atá i bponc mór – iad siúd atá i mbaol an fhéinmharaithe, atá ag plé leis an fhéindhíobháil, nó iad siúd atá ag fulaingt mar gheall ar an fhéinmharú – agus ina ionad na fadhbanna uile sin, go gcuirfear leis an dóchas, leis an fhéinchúram agus go gcuirfear iad taobh thiar dúinn uile. Tá fadhbanna meabhairshláinte ag duine amháin as gach beart de sheachtar daoine fásta sa 12 mhí anuas agus cosnaíonn sé thart ar €1,000 chun duine amháin a thabhairt tríd ár seirbhísí gach bliain agus sin an chúis go bhfuil sé chomh riachtanach sin airgid pobail a thiomsú chun an caighdeán cúraim sin, atá bunriachtanach, a choinneáil. Tá sé mar aidhm ag ár n-imeachtaí bliantúla ‘Darkness to Light’ chomh maith leis an fheachtas atá á reáchtáil againn faoi láthair na huaire, ‘FeelGood with Pieta’, airgead a bhailiú atá ríthábhachtach do na seirbhísí seo le go mbeidh sé éasca do dhaoine an cúnamh a theastaíonn uathu a lorg agus a fháil, chun feabhas a chur ar chúrsaí a saoil, agus ionas go mothóidís níos fearr. Ag croílár Pieta tá an dúil ann chun obair a dhéanamh i gcomhar le chéile le daoine atá ag tabhairt aghaidh ar an ídéú féinmharaithe, chun misneach a thabhairt dóibh, chun cabhrú leo dóchas a thabhairt ar ais ina saol agus chun iad a chuidiú an féinchúram a thabhairt dóibh féin, agus chun tacú le daoine agus le teaghlaigh atá buailte le buile trom tar éis dóibh duine mhuinteartha acu a chailliúint mar gheall ar an fhéinmharú. ”

Beidh Aerfort Chiarraí agus Pieta House ag obair as lámha a chéile le linn na míonna beaga atá amach romhainn chun Siúlóidí Darkness Into Light Chiarraí 2020 a sheoladh chomh maith le imeachtaí eile lena ndéanfar airgead a bhailiú le haghaidh an obair iontach atá á déanamh ag na hoibrithe deonacha agus ag cairde Pieta, chomh maith le haird a tharraingt ar an obair sin.

Tugann Aerfort Chiarraí tacaíocht do Pieta House

Aerfort Chiarraí, bródúil as a bheith ina urraitheoir ar Pieta House