Tá dhá charrchlós phríomhacha lonnaithe ag Aerfort Chiarraí – An Pháirceáil Ghearrthéarmach agus an Pháirceáil Fhadthéarmach
Saoráidí & Seirbhísí
An Pháirceáil Ghearrthéarmach
Tá an carrchlós páirceála gearrthéarmaí lonnaithe díreach os comhair an phríomh-chríochfoirt agus tá sé foirfe don té atá chun duine a phiocadh suas nó chun duine a ligean amach le heitilt a fháil, don té atá chun an carr a fhágáil ann oíche amháin, nó fiú don dé atá chun é a fhágáil ann ar feadh tréimhsí cúpla lá.
Rátaí Reatha: An Chéad Leathuair Saor In Aisce – Idir €3 agus €23 in aghaidh an lae, ag brath ar fhad na tréimhse, suas go dtí 24 uair.
| Short Term | Rates |
|---|---|
| 0-15 mins | No charge |
| 16-30 mins | €3.00 |
| Up to 60 mins | €5.00 |
| Up to 2 hours | €7.00 |
| Up to 5 hours | €10.00 |
| Up to 12 hours | €15.00 |
| Up to 24 hours | €23.00 |
| Per day (or part thereof) | €23.00 |
An Pháirceáil Fhadtéarmach
Tá an carrchlós fadtéarmach suite níos lú ná dhá nóiméad ar shiúil ón bpríomh-chríochfort. Tá sé foirfe oiriúnach más chun fanacht ar feadh tréimhsí fada, deirí seachtaine fada mar shampla, nó le haghaidh laethanta saoire.
Rátaí Reatha: An Chéad Uair A Chloig Saor In Aisce – Idir €14.50 in aghaidh an lae, ag brath ar fhad na tréimhse, suas go dtí 24 uair.
| Long Term | Rates |
|---|---|
| Up to 1 hour | No charge |
| Up to 2 hours | €1.50 |
| Up to 5 hours | €3.00 |
| Up to 12 hours | €10.00 |
| Up to 24 hours | €14.50 |
| Daily Rate (per day or part thereof) Day 1 to Day 6 (Max charge €90 for 7-8 days) | €14.50 |
| Daily Rate (per day or part thereof) Day 9 to Day 12 (Max charge €150 for 14-15 days) | €10.00 |
| Daily Rate (per day or part thereof) After Day 15 | €14.50 |
| Daily Rate (per day or part thereof) After Day 16 | €14.50 |
Áiseanna Páirceála do Dhaoine Faoi Mhíchumas
Tá 10 spás páirceála do dhaoine faoi mhíchumas ar fáil ag Aerfort Chiarraí Tá na spásanna seo ar fáil sa charrchlós gearrthéarmach chun an rochtain éasca ar an gcríochfort a chur ar fáil.
Rátaí Reatha: €14.50 in aghaidh 24 uair an chloig agus €14.50 in aghaidh an lae nó cuid de tar éis 24 uair an chloig.
Moladh do Shealbhóirí Suaitheantas Gorm (ar a n-eitilt fillte) a Suaitheantas + Ticéad Iontrála a thabhairt chuig an Deasc Eolais áit a n-eiseoidh an fhoireann ticéad NUA ar an ráta Fadtéarmach le híoc ag an Meaisín Íocaíochta is gaire. Tá táillí páirceála i bhfeidhm maidir le gach Úsáideoir Suaitheantas Gorm a bhaineann leas as áiseanna páirceála Aerfort Chiarraí ach cuirfear i bhfeidhm iad ar rátaí páirceála Fadtéarmacha seachas rátaí Gearrthéarmacha.
Íocaíocht
Tá dhá rogha ann chun íocaíocht a dhéanamh ag Stáisiúin Íocaíochta na gCarrchlós – boinn/nótaí airgid Euro, agus cártaí creidmheasa móréilimh (Mastercard, Visa)
Seirbhís do Chustaiméirí
Tá an Deasc Seirbhíse do Chustaiméirí suite sa phríomh-halla agus is féidir cabhair a fháil ann maidir le cúrsaí iompair, le háirithintí ticéad, le cúrsaí cóiríochta agus chun eolas turasóireachta ginearálta a fháil ann chomh maith.
An tseiceáil isteach
Tá an limistéar seiceáil isteach in Aerfort Chiarraí suite sa phríomh-halla. Molaimid dár bpaisinéirí a bheith ag an aerfort idir 60-90 nóiméad roimh don am atá beartaithe lena n-eitilt chun imeacht.
An Siopa Féiríní
Tá an Siopa Féiríní suite sa halla imeachta. Tá raon leathan cumhrán, biotáille, fíonta, fuisce, seacláidí, earraí leathair, seodra, earraí criadóireachta, leabhar, irisí agus go leor bronntanas eile le branda mór le rá le fáil sa siopa. Is iontach an áit í chun féirín a cheannach ag an nóiméad deireanach.
Bureau de Change
Tá an Bureau de Change suite ag an deasc Seirbhíse do Chustaiméirí sa phríomh-halla. Tá rátaí iomaíoch á dtairiscint ann agus is ionann na rátaí coimisiúin a ghearrtar ann, atá léirithe go breá soiléir, agus na rátaí a ghearrtar i mbainc na príomhshráide. Glactar leis na hairgeadraí móra uile sa bhureau de change.
Teileafóin
Tá teileafóin phoiblí suite in áiteanna éagsúla timpeall an aerfoirt.
Leathanbhanda Wi-Fi
Tá Wi-Fi curtha ar fáil ar fud an aerfoirt. Ní gá ach Kerry Airport a roghnú ar do ghléas chun ceangail a dhéanamh leis.
An Bialann & Beár
Tá beár agus bialann atá láncheadúnaithe san Aerfort atá suite sa phríomh-halla. Tá rogha maith leathan de bheoracha, de bhiotáille agus d’fhíonta le fáil sa bheár. Tá rogha iontach de bhéilí teo agus de bhéilí fuara ar fáil araon á tairiscint sa bhialann, chomh maith le sneaiceanna, tae, caife agus deochanna boga.
Carranna ar Cíos
Tá roinnt cuideachtaí carranna ar cíos idirnáisiúnta atá i mbun seirbhíse as Aerfort Chiarraí. Faoi láthair na huaire tá na cuideachtaí carranna ar cíos lonnaithe sa Charrchlós Fadtéarmach.
Tabhair do d’aire: Ba chóir teagmháil dhíreach a dhéanamh leis na cuideachtaí carranna ar cíos, seachas trí phríomh-lasc-chlár Aerfort Chiarraí toisc nach bhfuil na cuideachtaí carranna ar cíos ceangailte le córas teileafóin an aerfoirt.
An Rialú Custaim, Inimirce & Slándála
Tá an rialú inimirce, custaim agus póilíneachta i bhfeidhm le linn na gnáthuaireanta oscailte. Eolas breise >>
Saoráidí Gléasta Leanaí
Tá na saoráidí seo le fáil sa phríomh-halla agus sa Halla Imeachta, in aice leis an Siopa Féiríní.
An Cúnamh Speisialta
Tá Aerfort Chiarraí tiomanta dó go gcuirfear na saoráidí reatha uile atá ann faoi láthair ar fáil ar bhealach ina mbeidh sé chomh héasca agus is go bhfuil sé indéanta go praiticiúil chun freastal ar riachtanais gach aon phaisinéara a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe nó a bhfuil cúnamh speisialta de dhíth orthu, déan teagmháil le hAerfort Chiarraí ar +353 (0)66 976 4644.
Eolas breise >>
Tá Aerfort Chiarraí tiomanta dó go gcuirfear na saoráidí reatha atá ann faoi láthair ar fáil ar bhealach ina mbeidh sé éasca chun freastal ar riachtanais gach aon phaisinéara a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe nó a bhfuil cúnamh de dhíth orthu.
Táimid tiomanta dó gach rud a dhéanamh ionas go mbeidh do thuras chomh taitneamhach agus is féidir leis a bheith.
Cúnamh do dhaoine a bhfuil a Soghluaisteacht Laghdaithe nó do dhaoine a bhfuil Cúnamh Speisialta de dhíth orthu
Féadfar méideanna éagsúla den chúnamh a bheith ag teastáil ó dhaoine atá faoi mhíchumas nó ó dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghduithe agus iad ag dul tríd an aerfort.
Cuirfear an cúnamh oiriúnach ar fáil do phaisinéirí a bheidh ag imeacht de réir mar a éilítear mar gheall ar a riachtanais, lena n-áirítear:
- Cúnamh chun taisteal óna gCarr, nó ó Thacsaí nó Bus, go dtí an críochfort
- Cúnamh agus iad i mbun an tseiceáil-isteach a dhéanamh
- Cúnamh agus iad ag dul tríd an tseiceáil slándála agus ar aghaidh go dtí na hallaí imeachta
- Agus iad ag dul ar bord an eitleáin
Cuirfear cúnamh ar fáil do na Paisinéirí a bheidh ag teacht isteach a bheidh oiriúnach dá riachtanais siúd, lena n-áirítear:
- Ag tuirlingt ón aerárthach
- Ag dul ar aghaidh ón aerárthach i dtreo an halla teachta, agus na gnásanna imeachta inimirce déanta
- Ag bailiú do chuid bagáiste
- Ag bogadh ar aghaidh ón halla teachta go dtí an áit choinne ainmnithe, is é sin a rá an Deasc Eolais
- Cúnamh chun dul go dtí do charr, nó go dtí tacsaí nó bus
Tá oiliúint ag ár bhfoireann ar conas aire a thabhairt do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe agus tabharfaidh siad cibé an cineál de chúnamh atá de dhíth chun a chinntiú go mbeidh turas taitneamhach agat agus tú ag dul tríd an aerfort.
Fógra do d'Aerlíne
D’fhonn an tseirbhís is éifeachtaí a chur ar fáil do na paisinéirí sin a dteastaíonn na seirbhísí sin uathu, ba cheart do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe teagmháil a dhéanamh leis an aerlíne lena mbeidh siad ag taisteal, lena ngníomhaire taistil nó lena dtionscnóir turas agus iad a chur ar an eolas faoi shonraí na riachtanas cúnaimh atá acu 48 uair an chloig, ar a laghad, roimh am imeachta na heitilte.
Is féidir le paisinéirí dul i dteagmháil le hionad áirithinte na haerlíne, ach glaoch a chur ar na huimhreacha ag seo a leanas:
Aer Lingus Réigiúnach+353 1890 800 600
Ryanair +353 1520 444 004
Paisinéirí atá ag imeacht
Daoine a bhfuil cúnamh de dhíth orthu sa charr chlós
Ba chóir do dhaoine a dteastaíonn cúnamh uathu chun dul óna charr go dtí an críochfort tiomáint suas díreach go dtí an bealach isteach go dtí an Carrchlós Gearrthéarmach agus an Cnaipe Cúnaimh ar an meaisín ticéad ag an mbealach isteach a bhrú. Déanfaidh duine dár bhfoireann Seirbhísí Custaiméirí an glao a fhreagairt agus ba cheart duit a mhíniú dó cad é an cineál cúnaimh atá uait. Brúigh an cnaipe chun an ticéad a fháil agus ardófar an bhacainn nuair a bheireann tú air. Cas ar chlé láithreach agus lean ar aghaidh timpeall ar 40 méadar i dtreo an chríochfoirt agus páirceáil sa limistéar sainithe Páirceála do Dhaoine faoi Mhíchumas ar dheis, agus tabharfaidh duine dár gcriú talún an cineál cúnaimh a theastaíonn uait. Más rud é go bhfuil aon mhoill ann agus tú ag feitheamh ar chúnamh a fháil, cuir glaoch ar 066-9764644. Ar filleadh duit ón gceann scríbe, ba cheart duit dul go dtí an Deasc Eolais agus déanfaidh ár bhfoireann amach cad é an táille pháirceála atá le híoc agat ar an ráta fadtéarmach is ísle.
Daoine a bhfuil cúnamh de dhíth orthu agus iad ag teacht isteach i dtacsaí
Ba chóir go dtabharfadh paisinéirí a thagann isteach i dtacsaí agus a dteastaíonn cúnamh uathu dul ón tacsaí go dtí an críochfort iarraidh ar an tiománaí páirceáil i limistéar tuirlingthe an charrchlóis ghearrthéarmach atá díreach os comhair an bhealaigh isteach ar an gcríochfort agus iarraidh air dul chuig an Deasc Eolais chomh maith, agus cúnamh a lorg ón bhfoireann. Tabharfaidh duine dár gcriú talún cibé cineál cúnaimh a theastaíonn uait.
Daoine a bhfuil cúnamh de dhíth orthu agus iad ag teacht isteach ar an mbus
Tá an stad bus suite beagnach díreach os comhair an bhealaigh isteach ar an gcríochfort. Ba cheart do phaisinéirí a dteastaíonn cúnamh uathu teacht isteach ón mbus iarraidh ar an tiománaí bus dul chuig an Deasc Eolais agus cúnamh a lorg ónár bhfoireann. Tabharfaidh duine dár gcriú talún cibé cineál cúnaimh a theastaíonn uait.
Daoine a bhfuil cúnamh de dhíth orthu chun an tseiceáil isteach a dhéanamh
Ba chóir do dhaoine a dteastaíonn cúnamh uathu chun an tseiceáil isteach a dhéanamh dul chuig an Deasc Eolais atá suite díreach os do chomhair nuair a théann tú isteach sa chríochfort. Socróidh ár bhfoireann cibé cúnamh a theastaíonn uait, cúnamh chun an tseiceáil isteach a dhéanamh, chun dul tríd an tástáil slándála agus chun dul ar bord an aerárthaigh san áireamh.
Daoine a bhfuil cúnamh de dhíth orthu tar éis dóibh an tseiceáil isteach a dhéanamh
Ba chóir do dhaoine nach dteastaíonn cúnamh uathu chun an tseiceáil isteach a dhéanamh a sheiceáil isteach mar is gnách agus comhairle a thabhairt dár bhfoireann cláraithe ann cén cineál cúnaimh atá uait. Socróidh ár bhfoireann cibé cúnamh a theastaíonn uait, cúnamh chun dul tríd an tástáil slándála agus chun dul ar bord an aerárthaigh san áireamh.
Security
Ní mór do gach uile phaisinéir dul tríd an bpointe rialuithe slándála roimh dóibh dul ar aghaidh go dtí an halla imeachta. Is féidir an cuardach a bheith déanta de láimh nó le brathadóir miotail láimhe. Más gá, is féidir limistéar cuardaigh príobháideach a chur ar fáil, scoite píosa beag ón ngnáthlimistéar.
Paisinéirí ag teacht isteach
Cuirfidh an aerlíne an t-údarás aerfoirt ar an eolas go bhfuil paisinéir ann a bhfuil cúnamh ag teastáil uathu chun tuirlingt ón eitleán. Nuair atá an t-eitleán tugtha chun talamh, casfar duine dár bhfoireann leat, agus cuirfear an cúnamh oiriúnach de réir na riachtanais atá agat ar fáil duit, lena n-áirítear an cúnamh agus tú:
- Ag tuirlingt ón aerárthach
- Ag dul ar aghaidh ón aerárthach i dtreo an halla teachta, agus na gnásanna imeachta inimirce déanta
- Ag bailiú do chuid bagáiste
- Ag bogadh ar aghaidh ón halla teachta go dtí an áit choinne ainmnithe, is é sin a rá an Deasc Eolais
- Cúnamh chun dul go dtí do charr, nó go dtí tacsaí nó bus
Más rud é go bhfuil duine muinteartha nó cara agat chun bualadh leat ag an aerfort, is é an pointe ainmnithe dóibh bualadh leat ná an Deasc Eolais.
Cathaoireacha Rothaí
Tá roinnt cathaoireacha rothaí curtha ar fáil againn do phaisinéirí le húsáid laistigh den aerfort. Iarr ar dhuine dár bhfoireann ar cheann a fháil ag an Deasc Eolais nó nuair atá tú ag seiceáil isteach má theastaíonn ceann uait. Tá an tseirbhís seo saor in aisce.
Tá eolas ar fáil ón Deasc Eolais maidir le:
- Tacsaithe atá oiriúnach do chathaoir rothaí
- Cuideachtaí cothabhála/deisithe cathaoireach rothaí
- Cathaoireacha rothaí ar cíos (Cumann Cathaoireacha Rothaí na hÉireann)
Gearáin
Más rud é nach bhfuil tú sásta leis an gcúnamh a fhaigheann tú, ba cheart duit gearáin a dhéanamh ar an gcéad ásc le Bainisteoir an Aerfoirt, Aerfort Chiarraí, An Fearann Fuar, Co. Chiarraí nó, sa chás nach bhfuil tú sásta leis an fhreagra a fhaigheann tú, is féidir leat scríobh chuig: An Coimisiún um Rialáil Eitlíochta, Teach Alexandra, Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath 2.
Más rud é go bhfuil aon fhiosrú gur mian leat déanamh roimh duit taisteal, is féidir dul i dteagmháil leis an deasc sheirbhíse do chustaiméirí ag:
Teileafón +353 (0) 66 9764644
nó ríomhphost a chur chuig:info@kerryairport.ie
Tá eolas ar fáil sa Ghearmáinis agus sa Ghaeilge chomh maith. Téigh i dteagmháil linn chun tuilleadh eolas faoi a fháil.
Méid Bagáiste Láimhe atá Ceadaithe
Treoirlínte maidir le bagáiste cábáin – Níor chóir go mbeadh toisí bagáiste láimhe níos mó ná 56cm ar fhad, 45cm ar leithead agus 25cm ar dhoimhne (agus na rothaí, hanlaí, pócaí taobh srl. san áireamh leis sin). Seiceáil leis an aerlíne é féin roimh d’eitilt toisc go mbíonn srianta níos doichte maidir leis na toisí curtha i bhfeidhm ag roinnt aerlínte.
Míreanna coiscthe
Tá liosta de mhíreanna atá coiscthe tarraingthe suas ag an AE nach féidir leat iad a thógáil ar bord an aerárthach. Sa liosta sin, áirítear míreanna gur contúirtí soiléire iad maidir leis an tslándáil eitilte, amhail pléascáin agus airm, agus earraí eile a d’fhéadfadh gortuithe tromchúiseacha a dhéanamh chomh maith, bataí agus slacáin, mar shampla, nó míreanna a d’fhéadfaí a cheapadh gur fíorairm iad, amhail gunnaí bréige.
Agus tú i mbun do chuid mhálaí a phacáil, ba chóir duit é a chur san áireamh go bhfuil earraí áirithe, a d’fhéadfadh an cuma orthu nach bhfuil siad díobhálach, nach bhfuil ceadaithe a bheith i do bhagáiste láimhe ar mhaithe le cúiseanna slándála, leithéidí gáis agus spraeanna amhail spraeanna piobar; rudaí géara leithéidí sceana (a bhfuil lann orthu níos faide ná 6cm); béalmhíreanna druilire; lanna sáibh nó scriúirí; bataí agus slacáin nó clubanna. Caithfidh na míreanna seo a ghéilleadh ag an seicphointe slándála, é sin nó caithfidh iad a bheith pacáilte i do bhagáiste do bholg an eitleáin. Chiceáil Anseo chun tuilleadh eolais a fháil >>
Chun tú a chosaint i gcoinne bhaol na bpléascán leachtach, tagaimid faoi smacht rialacha slándála an AE. Leis na rialacha sin, tá srian curtha ar an méid leachtanna is féidir leat a thabhairt leat trínár seicphointí slándála i do bhagáiste láimhe toisc gur féidir pléascáin leachtacha a cheilt mar mhíreanna a úsáidtear ó lá go lá, an ghlóthach gruaige, an taos fiacla, agus an subh, mar shampla. De réir na rialacha reatha atá ann, is féidir leat leachtanna a iompar mar bhagáiste láimhe i gcoimeádáin aonair a bhfuil toilleadh acu nach mó ná 100 ml agus atá curtha i mála plaisteach trédhearcach ath-inséalaithe a bhfuil toilleadh aige sin nach mó ná aon lítear amháin. Áirítear le leachtanna an ghlóthach, aerasóil, taois, lóiseanna, nithe gur meascáin leachtacha/soladacha iad agus nithe eile a bhfuil an raimhre sin acu, amhail deochanna, taos fiacla, anraithí, síoróipí, an cumhrán, an sobal bearrtha, srl.
Ceadaítear cógais riachtanacha lena n-áirítear bia linbh agus bainne linbh i gcainníochtaí níos mó ná 100 ml, ach ní mór an fhoireann slándála a chur ar an eolas maidir leo, agus déanfar scagthástáil shainiúil bhreise orthu ag an seicphointe.
An tSábháilteacht & Slándáil
Glac leis an gcomhairle a chuirimid ar fáil duit chun ullmhú leis an bpróiseas slándála, mura miste, chun am a shábháil ort agus ar mhaithe le go mbeidh do thuras níos taitneamhaí.
- Bíodh do chuid doiciméid taistil réidh agat le scrúdú a bheith déanta orthu.
- Cloígh leis na treoirlínte atá curtha i bhfeidhm an aerlíne lena bhfuil tú ag taisteal maidir leis an méid bagáiste atá ceadaithe sa chábán.
- Bain díot gach aon seaicéad agus cóta atá ort, déanfar iadsan a scagadh ar bhonn ar leith leis an scanóir x-gath.
- Tóg amach gach aon ríomhaire glúine, táibléad (i-pad agus a leithéid srl.), kindle/ríomhléitheoirí agus aon ghléas leictreonach ata i do chuid bhagáiste don chábán, le scrúdú a bheith déanta ar bhonn ar leith air.
- Bí réidh do chuid bróga agus do chrios a bhaint díot, sa chás go n-iarrtar ort amhlaidh a dhéanamh.
- Bíodh do chuid earraí níocháin, lóiseanna iarbhearrtha cumhráin agus cosmaidí go léir (agus iad i gcoimeádáin 100ml de thoirt, nó níos lú, an ceann) curtha agat i mála plaisteach trédhearcach ath-inséalaithe (1 lítear de thoilleadh nó níos lú) agus bí réidh leis an fhoireann foirne slándála x-ghathanna ar leith a dhéanamh ar do chuid bhagáiste cábáin.
Pasanna & Víosaí
Ag Imeacht ó Éirinn:
Bíonn gá le pas bailí, go hiondúil, más ag taisteal thar lear atá tú. I gcás roinnt tíortha, bíonn gá leis go mbeidh do phas bailí go deo i gcion sé mhí, ar a laghad, tar éis an dáta atá beartaithe agat chun filleadh, agus féadfar gá a bheith ann víosa a bheith agat chomh maith. Roimh duit taisteal, ba cheart na riachtanais iontrála atá i bhfeidhm sa tír a bhfuil agat mar cheann scríbe a sheiceáil, agus bí cinnte go ndéanann tú do phas a athnuachan agus/nó go gcuireann tú isteach iarratas ar víosa san ambasáid nó sa chonsalacht oiriúnach in am maith.
Más rud é go bhfuil do phas goidte nó caillte, ní mór duit tuairisc a dhéanamh de sin in Oifig na bPas nó san Ambasáid nó Consalacht Éireannach is gaire leat. Seans gurbh fhiú é cárta aitheantais fótagrafach breise a bheith agat, sa bhreis ar do phas, chomh maith.
Ag Teacht Isteach in Éirinn:
Caithfidh do phas fós a bheith bailí trí mhí ar a laghad i ndiaidh duit teacht isteach in Éirinn, i gcás gach uile phaisinéir ach amháin: Daoine ar rugadh sa Ríocht Aontaithe iad atá ag taisteal go díreach ón Ríocht Aontaithe (ní bhaineann sé seo ach amháin le daoine a bhfuil pas Briotanach acu).
Nóta: Cé nach bhfuil pas nó víosa ag teastáil ó shaoránaigh de chuid na Ríochta Aontaithe chun teacht i dtír in Éirinn, bíonn cineál éigin d’aitheantas fótagrafach de dhíth ar fhormhór na n-aerlínte, agus pas nó ceadúnas tiomána a bhfuil grianghraf air atá i gceist leis sin, de ghnáth. Náisiúnaigh an AE a bhfuil cárta aitheantas náisiúnta bailí acu. Nóta: Ní cheanglaítear ar náisiúnaigh an AE ach fianaise ar a náisiúntacht AE agus ar a aitheantas a thaispeáint le bheith ligthe isteach in aon Bhallstát ar bith de chuid an AE. Is féidir glacadh le pas náisiúnta bailí nó cárta aitheantas náisiúnta mar an fhianaise seo. Tá ceachtar díobhsan inghlactha.
Ba chóir do chuairteoirí seiceáil an cineál de chruthúnas ar aitheantas atá ag teastáil leis an aerlíne ar leith sula dtéann siad chun taistil.
Allmhairí & Custaim
Tá trí chainéil custam curtha i bhfeidhm in Aerfort Chiarraí:
An Cainéal Gorm:
Ní gá do phaisinéirí ar thosaigh a dturas agus a n-eitilt i dtír eile de chuid an AE aon dearbhú a dhéanamh leis an lucht custaim nuair a thagann siad i dtír agus ligfear dóibh leanúint ar aghaidh go díreach tríd an gCainéal Gorm.
An Cainéal Gorm & an Cainéal Dearg:
Ní mór do phaisinéirí a thagann ar eitiltí ó thíortha neamh-AE, na hOileáin Chanáracha nó Oileáin Mhuir nIocht ó aerfort AE ar eitilt a tháinig lasmuigh den AE an imréiteach an lucht chustaim a shásamh agus dul tríd an gCainéal Glas nó Dearg.
Le haghaidh faisnéis faoi rialacháin Chustaim agus Máil na hÉireann (lena n-áirítear liúntais agus sonraí faoi earraí atá toirmiscthe nó srianta), cliceáil anseo>>
Ba cheart duit dul tríd an gCainéal Glas más rud é go bhfuil tú lánchinnte de:
- Nach bhfuil aon lamháltais sáraithe agat, agus níos mó agat den earra ná mar atá ceadaithe. Tá na lamháltais siúd curtha suas ar fhógraí timpeall halla an bhagáiste.
- Nach bhfuil aon earraí agat atá toirmiscthe nó srianta.
Ba cheart duit dul tríd an gCainéal Dearg más rud é:
- Nach bhfuil tú lánchinnte cad é an gcainéal ceart duit
- Go bhfuil ceann de na lamháltais sáraithe agat maidir leis an méid earraí atá ceadaithe duit
- Go bhfuil aon earraí agat atá toirmiscthe nó srianta.
Seirbhís do Chustaiméirí
Tá an Deasc Seirbhíse do Chustaiméirí suite sa phríomh-halla agus is féidir cabhair a fháil ann maidir le cúrsaí iompair, le háirithintí ticéad, le cúrsaí cóiríochta agus chun eolas turasóireachta ginearálta a fháil ann chomh maith.
An tseiceáil isteach
Tá an limistéar seiceáil isteach in Aerfort Chiarraí suite sa phríomh-halla. Molaimid dár bpaisinéirí a bheith ag an aerfort idir 60-90 nóiméad roimh don am atá beartaithe lena n-eitilt chun imeacht.
An Siopa Féiríní
Tá an Siopa Féiríní suite sa halla imeachta. Tá raon leathan cumhrán, biotáille, fíonta, fuisce, seacláidí, earraí leathair, seodra, earraí criadóireachta, leabhar, irisí agus go leor bronntanas eile le branda mór le rá le fáil sa siopa. Is iontach an áit í chun féirín a cheannach ag an nóiméad deireanach.
Bureau de Change
Tá an Bureau de Change suite ag an deasc Seirbhíse do Chustaiméirí sa phríomh-halla. Tá rátaí iomaíoch á dtairiscint ann agus is ionann na rátaí coimisiúin a ghearrtar ann, atá léirithe go breá soiléir, agus na rátaí a ghearrtar i mbainc na príomhshráide. Glactar leis na hairgeadraí móra uile sa bhureau de change.
Teileafóin
Tá teileafóin phoiblí suite in áiteanna éagsúla timpeall an aerfoirt.
Leathanbhanda Wi-Fi
Tá Wi-Fi curtha ar fáil ar fud an aerfoirt. Ní gá ach Kerry Airport a roghnú ar do ghléas chun ceangail a dhéanamh leis.
An Bialann & Beár
Tá beár agus bialann atá láncheadúnaithe san Aerfort atá suite sa phríomh-halla. Tá rogha maith leathan de bheoracha, de bhiotáille agus d’fhíonta le fáil sa bheár. Tá rogha iontach de bhéilí teo agus de bhéilí fuara ar fáil araon á tairiscint sa bhialann, chomh maith le sneaiceanna, tae, caife agus deochanna boga.
Carranna ar Cíos
Tá roinnt cuideachtaí carranna ar cíos idirnáisiúnta atá i mbun seirbhíse as Aerfort Chiarraí. Faoi láthair na huaire tá na cuideachtaí carranna ar cíos lonnaithe sa Charrchlós Fadtéarmach.
Tabhair do d’aire: Ba chóir teagmháil dhíreach a dhéanamh leis na cuideachtaí carranna ar cíos, seachas trí phríomh-lasc-chlár Aerfort Chiarraí toisc nach bhfuil na cuideachtaí carranna ar cíos ceangailte le córas teileafóin an aerfoirt.
An Rialú Custaim, Inimirce & Slándála
Tá an rialú inimirce, custaim agus póilíneachta i bhfeidhm le linn na gnáthuaireanta oscailte. Eolas breise >>
Saoráidí Gléasta Leanaí
Tá na saoráidí seo le fáil sa phríomh-halla agus sa Halla Imeachta, in aice leis an Siopa Féiríní.
An Cúnamh Speisialta
Tá Aerfort Chiarraí tiomanta dó go gcuirfear na saoráidí reatha uile atá ann faoi láthair ar fáil ar bhealach ina mbeidh sé chomh héasca agus is go bhfuil sé indéanta go praiticiúil chun freastal ar riachtanais gach aon phaisinéara a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe nó a bhfuil cúnamh speisialta de dhíth orthu, déan teagmháil le hAerfort Chiarraí ar +353 (0)66 976 4644.
Eolas breise >>